Nuacht

Lá Idirnáisiúnta Chearta an Duine á chomóradh le léiriú speisialta de chuid Beckett in Áras an Uacht

Lá Idirnáisiúnta Chearta an Duine á chomóradh le léiriú speisialta de chuid Beckett in Áras an Uacht

Foilsithe: Céa 11th Nol, 2013 | 14:31

Ba mhaith leis an Uachtarán Michael D. Ó hUiginn agus a bhean chéile, Sabina, Lá Idirnáisiúnta Chearta an Duine (10 Nollaig) a chomóradh le léiriú de  Ethicain Áras an Uachtaráin i gcomhair aíonna a bhfuil cuireadh faighte acu agus ar ionadaithe iad d’earnálacha chearta an duine agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ó Éirinn ina hiomláine.  Agus an tUachtarán agus Bean Uí Uiginn as láthair gan choinne (iad i láthair ag an Searmanas Cuimhneacháin i gcomhair an iar-Uachtaráin Mandela), is iad clann Uí Uiginn a bheidh ina n-óstaigh.

Is cnuasteideal ar thaibhiú de chuid na Cuideachta Amharclannaíochta  Sugarglass de cheithre dhráma ghearra le Samuel Beckett atá in Ethica;  Play, Come and Go, Catastrophe agus What Where. Déanann na saothair iniúchadh ar cheisteanna na heitice agus chearta an duine ó pheirspictíocht teaghlaigh agus pholaitiúil araon. I measc na dtéamaí tá an dílse, an ceartas, an rúndacht, an tíorántacht, an foréigean, an frithsheasamh agus an chuimhne.

Sular thug sé a aghaidh ar an Afraic Theas, dúirt an tUachtarán Ó hUiginn:

“Tá fíoráthas ar Sabina agus orm féin go léireoidh Sugarglass Theatre an cur i láthair Ethica in Áras an Uachtaráin. Is bealach an-fhóirsteanach é le Lá Idirináisiúnta Chearta an Duine a cheiliúradh. Is modh an-chumhachtach an drámaíochta chun taobh eiticiúil ár ndaonnacht chomhroinnte a léiriú agus chun aird a tharraingt ar thábhacht chearta an duine i saol gach aon duine.   Cé nach féidir linn a bheith i láthair, tá an-áthas orainn go mbeidh ionadaithe ó phobal chearta an duine as dhá chuid an oileáin seo i láthair.”

Beidh na drámaí á stiúradh ag Marc Atkinson agus Nicholas Johnson. I measc na foirne beidh Peter Corboy, Ellen Flynn, Matthew Malone agus Maeve O’Mahony.

Beidh níos mó na 100 ionadaí ó earnálacha chearta an duine agus eagraíochtaí neamhrialtasacha as Tuaisceart Éireann agus as Éirinn i láthair ag an taibhiú. San áireamh beidh ionadaithe ó Choimisiún Chearta an Duine agus  Chomhionannais na hÉireann, ó Choimisiún Chearta an Duine Thuaisceart Éireann,  Amnesty International, ó Choimisiún Chomhionannais Thuaisceart Éireann, Ó Chomhairle Náisiúnta na mBan, Lárionad Chearta na n-Imirceach agus Pavee Point.