Nuacht

Capaillíní Chonamara ag Áras an Uachtaráin

Capaillíní Chonamara ag Áras an Uachtaráin

Foilsithe: hAo 9th Iúi, 2021 | 13:34

Le fada an lá, tá an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín mar thacadóirí láidre do Spriocanna Forbairt Inbhuanaithe, agus tá siad go mór ar son na n-athruithe cuí a chur i bhfeidhm ar mhaithe le todhchaí inbhuanaithe a dheimhniú d’Éirinn agus don domhan mór.

Ar an ábhar seo, d’iarr an tUachtarán ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), a dhéanann bainistiú ar 120 acra Áras an Uachtaráin, iniúchadh bithéagsúlachta bliana a choimisiúnú, agus gníomhartha a mholadh faoi cén chaoi ar féidir an tÁras a bhainistiú ar mhaithe leis an nádúr. Chuir eolaithe ó Choláiste na Tríonóide an tuarascáil le chéile agus seachadadh í go déanach anuraidh.

Cliceáil anseo leis an tuairisc ar fad a léamh. 

Tá moltaí na tuairisce á gcur i bhfeidhm anois, le bearta á ndéanamh ar mhaithe le héagsúlacht plandaí, pailneoirí, éan, mamach, feithidí, inveirteabrach srl a mhéadú.

Ceann de phríomh-mholtaí na tuarascála seo ná go gcuirfear córas bainistíochta níos inbhuanaithe i bhfeidhm ar fhéarthailte Áras an Uachtaráin. I measc na gcéimeanna a thógfar sa chomhthéacs seo tabharfar isteach pór dúchasach eallach agus capall, a bheidh i láthair ag an Áras do chodanna áirithe den bhliain.

Cuirfear innilt na n-ainmhithe i bhfeidhm in éineacht le lomadh tréimhsiúil, ar mhaithe le caighdeán cothaitheach na hithreach a ísliú, agus le himeacht ama, na coinníollacha cearta a bhunú le féarthailte éagsúla, nádúrtha a chruthú a chothóidh líon feithidí, éan agus mamach.

 

Féach freisin: https://president.ie/ga/diary/details/president-launches-partnership-between-kylemore-abbey-and-aras-an-uachtarain