Nuacht

Aitheasc na Nollag agus na hAthbhliana 2014

Aitheasc na Nollag agus na hAthbhliana 2014

Foilsithe: hAo 30th Ean, 2015 | 17:05

Mar Uachtarán, guím beannachtaí na Nollag agus na hAthbhliana ar gach duine in Éirinn, ar ár mhuintir atá thar lear, orthu siúd a thugann tacaíocht dóibh agus ar na pobail a chuireann fáilte rompu.

Is tréimhse áthais agus teochroí atá sa Nollaig. Is am speisialta den bhliain atá ann, nuair a thagann an oiread sin dínn le chéile inár dteaghlaigh agus lenár gcairde i spiorad an mhuintearais agus an cheiliúrtha. Is deis atá ann an dóchas a athnuachaint agus muid ag féachaint amach romhainn le chéile. Dúinn uile, iad siúd atá uaigneach nó cráite san áireamh, tugann sé spreagadh féachaint chun cinn thar na hoícheanta fada dorcha, go dtí gealltanas ghile an earraigh arís.

Is é scéal Bheithil, faoi Sheosamh agus Muire gan dídean, agus iad ag tnúth le breith a linbh, atá i gcroílár na saoire seo agus iarrtar orainn smaoineamh ar an gcaidreamh a bhíonn againn leis an strainséir, an té atá leochaileach inár measc.

Cuirtear i gcuimhne dúinn faoi Nollaig, ní hamháin an chaoi go raibh ar fhear agus ar bhean a mbaile a fhágaint chun a leanbh a bhreith in áit i bhfad i gcéin, an chaoi ar tháinig aoirí agus cuairteoirí anaithnide ina gcuideachta, ach níos tábhachtaí fós, eitic chumhachtúil an fháilteachais.

An mhí seo caite, d’fhill mé ó chuairt thrí seachtaine chuig an Afraic, áit a bhfaca mé go pearsanta dlúthchomhar suntasach na dtíortha, leithéid na hAetóipe, agus iad ag dul i ngleic leis an gcruachás ina bhfuil an oiread sin fear, ban agus páistí sna tíortha máguaird, arbh éigean dóibh a mbailte, a bpobal agus a slite beatha a fhágáil ina ndiaidh chun dídean a fháil ina gcríocha. Ba cheart go léireodh an

dea-thoil sin dúinn go bhféadfaimis go léir, agus ní hamháin na chéad tíortha a gcuirtear isteach orthu, a bheith páirteach san iarracht dídean a thabhairt dóibh siúd atá ag teitheadh ón ngéarleanúint nó ón ocras.

Is séasúr na síochána atá sa Nollaig, uair le tabhairt chun cuimhnimh gach is féidir a bhaint amach trí mhachnamh, trí mhaithiúnas agus trí athmhuintearas. Níos luaithe i mbliana, bhí sé d’onóir agam a bheith ar an gcéad Cheann Stáit ar Éirinn a thug Cuairt Stáit ar an gcomharsa is gaire atá againn, i ngach ciall den fhocal sin, is é sin an Ríocht Aontaithe. Ba phribhléid an-mhór agus ba chúis áthais dom a bhí ann, a bheith in ann an cairdeas idir an dá phobal a thaispeáint, pobail nach bhféachann ar a chéile le súile amhrasacha níos mó, ach le súile muiníneacha an chóimheasa agus an tiomantais chomhroinnte.

Agus an Bhliain Nua ag teannadh linn agus muid ag leanúint lenár saol le chéile, ba mhaith liom mo mheas a thaispeáint dóibh siúd a chuireann ar ár gcumas an saol sin a mhaireachtáil. Tá a fhios agam go bhfuil an tiomantas sin don fhreastal ar ár saoránaigh go léir comhroinnte ina measc siúd atá dírithe ar fónamh a dhéanamh don phobal. Ba mhaith liom, ar son mhuintir na hÉireann, buíochas a ghlacadh leo siúd go léir atá ag freastal ar ár bpobail le linn na saoire – na foirne sna hospidéil, na seirbhísí éigeandála, an Garda Síochána, agus baill Óglaigh na hÉireann atá ag tacú leis an tsíocháin thar lear.

Is é mo mhian go dtiocfaidh flúirse deiseanna chun rathú, athnuachan, agus cúram a dhéanamh sa bhliain dhá mhíle agus a cúigdéag. Go dté spiorad an chúraim sin, a leathann ar fud an dornáin laethanta luachmhara seo a chaitear inár gcomhluadair gheanúla, ar fud an phobail, amach thar an Nollaig agus isteach sa bhliain atá amach romhainn.

Guím féin agus Sabina Nollaig shona ar gach aon duine díbh agus Bliain Nua faoi shíocháin agus faoi mhaise.

Slán agus beannacht.