Nuacht

Aitheasc Na Nollag Agus Na Hathbhliana 2012

Foilsithe: Lua 12th Ean, 2015 | 11:34

Guím beannachtaí na Nollag agus na hAthbhliana ar phobal na hÉireann agus ar ár ndaoine muinteartha ar fud an domhain.

Tugann an Nollaig deis dúinn go léir, anáil a tharraingt, smaoineamh a dhéanamh, ar na rudaí sin a cheapaimid atá luachmhar inár saol, agus iad a cheiliúradh.

Is am é dúinne – saoránaigh, clanna agus pobail – ár n-aird a dhíriú ar na rudaí sin atá ríthábhachtach inár saol – an chlann, an cairdeas, an muintearas agus an filleadh ar an mbaile. Bíonn deis againn ár meas ar na fiúntais sin a athnuachan i rith na Nollag, agus cothaíonn sé sin muid i rith na bliana amach romhainn.

Ag an am seo ach go h-áirithe, ní mór dúinne a bhfuil sé d’áth orainn Nollaig shona a bheith againn, cuimhneamh ar an tábhacht atá ag baint le cabhrú leo siúd a bhfuil cruatan á fhulaingt acu – de thoradh ar chaillteanas, ar eisimirce, ar bhreoiteacht nó ar chúinsí airgeadais.

Is cóir dúinn, freisin, smaoineamh orthu siúd a choimeádann seirbhísí riachtanacha ar siúl le linn an ama seo – ár nGardaí, ár n-oifigigh príosúin, ár bhFórsaí Cosanta, ár seirbhísí éigeandála agus ár bhfoirne leighis. Mar Uachtarán na hÉireann, glacaim buíochas le pearsanra uile na seirbhíse poiblí as a seirbhís dhílis dár bpobal.

Tá sé soiléir go bhfuil an cúlú eacnamaíochta ag goilliúint ar go leor daoine, maidir le fostaíocht nó le hioncam. Ach tá níos mó na staid na heacnamaíochta i gceist lenár bhféiniúlacht.

Is tír í seo ina bhfuil saibhreas ar leith againn; gréasán de phobail ghníomhacha atá á n-athrú féin chun feabhais de réir a chéile; agus tá acmhainn in ár muintire atá scaipthe ar fud an domhain, atá cabhrach lena chéile, agus atá ag iarraidh athcheangal a dhéanamh ar bhealaí éagsúla lena dtír dhúchais.

Chuir mé romham, i mo chéad bhliain san oifig seo, tús áite a thabhairt do theagmháil lenár n-óige agus cluas éisteachta a thabhairt dóibh. Dheimhnigh an teagmháil sin dom go raibh fís dhearfach de thodhchaí na hÉireann ag ár n-óige agus go bhfuil siad beartaithe go diongbháilte ar a gcion tairbhe a dhéanamh chun athrú dearfach a chur i gcrích.

Tá an oiread sin ar féidir linn a bheith bródúil as, agus ar cheart dúinn tógáil air, agus muidne ag ullmhú don Bhliain Nua agus ag féachaint chun cinn le dóchas agus le misneach chun na féidearthachtaí a chuirtear inár láthair a fhíorú.

Ceann de na féidearthachtaí sin is ea seachtú Uachtaránachta na hÉireann ar an Aontas Eorpach agus Bliain Eorpach na Saoránach 2013 (dhá mhíle agus a trí déag) ag tarlú le chéile, agus an deis a thugann sé sin dúinn idéalachas bunaidh na hEorpa a athnuachan – Eoraip na saoránach, an aontais, na dlúthpháirtíochta agus na gcultúr comhroinnte.

Guím Nollaig shona shíochánta ar mhuintir na hÉireann i gcéin is i gcóngar agus orthu siúd atá ina gcónaí agus ag obair leo, agus Athbhliain faoi shláinte, faoi dhóchas agus faoi shéan.