Nuacht

Cuireadh na ‘hóstáin bheacha’ seo ar thailte Áras an Uachtaráin

Cuireadh na ‘hóstáin bheacha’ seo ar thailte Áras an Uachtaráin

Foilsithe: Lua 31st Bea, 2021 | 16:00

Cuireadh na ‘hóstáin bheacha’ seo ar thailte Áras an Uachtaráin mar chuid de chás-staidéar ar iompar na mbeach aonaránach cuas-neadaithe.

Thug taighdeoirí ag Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide agus Teagasc faoin tionscnamh seo, a bhfuil suiteáil neadacha mar chuid de. I ngach ceann de na neadacha seo tá 20 tiúb an ceann, ag cúig thrastomhas dhifriúla agus airde éagsúla.

Tá 99 speiceas éagsúla de bheacha ann in Éirinn, agus níl ach ceann amháin acu – an Apis Mellifera mellifera, beach mheala dhorcha an Iarthuaiscirt – mar bheach mheala dhúchasach.

Tá Éire mar thearmann do 77 speiceas éagsúla de bheacha aonaránacha, a fheidhmíonn mar phailneoirí ag croílár mharthanas ár mbeatha phlandúil. Braitheann barraí mar úlla, súnna talún, súnna craobh, trátaí, cuiríní dubha, piobair, cúirséid agus puimcíní ar na beacha don phailniú.

 

Brúigh anseo le léamh faoi iarrachtaí an Uachtaráin Uí Uigínn le tábhacht chaomhnú bhithéagsúlachta na hÉireann a chur chun cinn.