Nuacht

Aitheasc ag Ócáid Ghradaim Leabhar na Bliana de chuid Fhoras na Gaeilge

Aitheasc ag Ócáid Ghradaim Leabhar na Bliana de chuid Fhoras na Gaeilge

Foilsithe: Déa 14th Sam, 2013 | 14:07

Aitheasc an Uachtaráin, Micheál D. Ó hUigínn, ag Ócáid Ghradaim Leabhar na Bliana de chuid Fhoras na Gaeilge
Dé Céadaoin 13 Samhain 2013

Tá an-áthas orm a bheith in bhur gcuideachta anseo tráthnóna le haghaidh na hócáide tábhachtaí seo. Táim buíoch de Sheán Ó Cuinn as an gcuireadh a thabhairt dom agus díobh go léir as an bhfáilte chroíúil sin.

Mar Uachtarán na hÉireann, tá tagairt déanta agam ar roinnt ócáidí do ráiteas mo réamhtheachtaí agus chéad Uachtarán na hÉireann, Dubhghlás de hÍde: “‘Wherever Irish is the vernacular of the people, there live enshrined in it memories and imaginations ……if we allow one of the finest and the richest languages in Europe, which, fifty years ago, was spoken by nearly four millions of Irishmen, to die out without a struggle, it will be an everlasting disgrace.”

Ar ndóigh, ba thaca díocasach dár dteanga dhúchais a bhí i nDubhghlás de hÍde, agus fear a throid go diongbháilte len í a chosaint. Thuig sé suntas na teanga mar chuid dár n-oidhreacht roinnte agus a tábhacht i gcaomhnú an chomhuintearais agus mar mheán don oiread sin dár dtraidisiúin; traidisiúin a cheanglaíonn muid dár sinsear, agus a chuireann i gcuimhne dúinn an cúlra casta cultúir agus staire a chruthaigh an Éire ina bhfuilimid inár gcónaí inniu.

Ar ndóigh, is le linn tréimhse ar leith a cuireadh troid dhíocasach Dhubhghlás de hÍde ar bun, agus é mar aidhm aige ár dteanga a chaomhnú, agus bród agus suim inár dteanga náisiúnta a spreagadh; tréimhse a bhí ann inar thárla galldú suntasach ar ár dteanga agus díluacháil ar oidhreacht shaibhir agus uathúil na Gaeilge mar theanga an phobail, agus thárla sin mar thoradh ar na blianta fada de theanga mhórcheannais an riaracháin, den eisimirce agus den bhrú eacnamaíochta a bheith á gcur i bhfeidhm faoin rialú coilíneach.

Ba thréimhse é nuair a cuireadh ina luí ar chuid mhaith saoránach gur cheart dóibh glacadh leis gur theanga níos ísle a bhí sa Ghaeilge le hais theanga choiteann an Bhéarla; tréimhse, i bhfocail Dhubhghlais de hÍde é féin,

“that made young men and women blush and hang their heads when overheard speaking their own language.”

Sa lá atá inniu ann, is tír muid atá saor chun ár gcultúr a ghabháil chugainn féin; náisiún a thóg an deis bród a ghlacadh inár litríocht, ár gceol, ár mbéasaí agus ár mbealaí, agus ar ndóigh ár dteanga náisiúnta. Tá méadú de thuairim is dhá chéad faoin gcéad tagtha ar líon na ndaltaí ó thaobh amuigh den Ghaeltacht a bhíonn ag freastal ar scoileanna a mhúineann trí mheán na Gaeilge sa scór bliain deiridh Source: Gaelscoileanna Teoranta; baineann cuid mhaith dár saoránach úsáid as an nGaeilge ar bhonn laethúil – agus é mar aidhm ag an Straitéis Fiche Bliain an líon sin a mhéadú go suntasach roimh an mbliain 2030, rud a thugann ár ndúshlán an ardmhian a bhaint amach; agus, sa bhliain 2007, thug an tAontas Eorpach stadas oifigiúil agus oibre don Ghaeilge.

Níl aon chúis go ndéanfaí díogha den teanga Ghaeilge ná teanga sclábhánta nó thánaisteach a dhéanamh de, seachas teanga choiteann atá lárnach inár bhféiniúlacht mar náisiún agus teanga a thugann ár ndúshlán í a chaomhnú, a bhuanú agus a thabhairt ar aghaidh do na glúine le teacht.

Níl dabht ar bith ann ach go bhfuilimid faoi chomaoin an-mhór, mar shochaí, ag forais mar Fhoras na Gaeilge a dhéanann sárobair i gcinntiú fhorbairt leanúnach na Gaeilge, agus ní hamháin go gcuidíonn siad le cothú ár dteanga dhúchais, ach go bhfuil an oiread sin á dhéanamh acu len í a chur chun cinn, agus lena húire, a beocht agus a hábharthacht sa saol nua-aoiseach a chinntiú.

Anocht tá ceiliúradh á dhéanamh againn ar ról theanga na Gaeilge inár dtraidisiún liteartha iontach – traidisiún a bhfuil cáil orainn as ar fud an domhain. Tá comórtas litríochta Fhoras na Gaeilge uathúil i saol liteartha na Gaeilge agus déanann sé ceiliúradh ar shaothar foilsitheoirí, scríbhneoirí agus ealaíontóirí atá tar éis teacht le chéile chun foilseacháin áille a tháirgeadh trí mheán na Gaeilge.

Tugaim faoi deara go bhfuil an gradam do litríocht do pháistí ainmnithe as bleachtaire ficseanúil cáiliúil Chathail Uí Shandair, Réics Carló, a gcuimhním air ó mo laethanta meánscoile féin, rud a chuireann i gcuimhne dhúinn an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go mbíonn biseach ar an teanga idir na glúine in Éirinn, atá ag éirí níos uirbithe de réir a chéile, agus lena choinneáil ag obair chun a chinntiú go bhfásann agus go bhforbraíonn pobail agus gréasáin Ghaeilge níos faide ar shiúl ná an limistéar Gaeltachta.

Gné thábhachtach den obair sin é a chur i gcrích agus a chinntiú go mbeidh teacht ag glúine nua páistí na hÉireann ar raon leathan litríochta i nGaeilge a léiríonn an domhan ina maireann siad sa lá atá inniu ann: a dtaithí laethúil; cúrsaí a gclainne, a gcairdeas, a gcuid fadhbanna agus an tsochaí ilchultúrtha ina bhfuil siad ag fás aníos agus ag foghlaim faoin saol.

Tá a fhios againn go bhfuil an litríocht ar cheann de na modhanna atá ar fáil inniu a chuidíonn le páistí tuiscint níos fearr a fháil ar an saol ina maireann siad agus lena gcaidreamh féin leis an saol sin a chruthú. Tá sé tábhachtach go mbeidh teacht ag páistí ar leabhair atá scríofa i nGaeilge, ar féidir leo dáimh fhírinneach a bheith acu leo ag aoiseanna éagsúla agus a léiríonn a dtaithí ar bhealaí atá mealltach agus iontaofa.

Creidimse go bhfuil freagracht orainn go léir i leith na teanga, ach is trí bhíthin ár n-óige a mhairfidh an teanga Ghaeilge agus a thabharfar ar aghaidh é chuig saolta na nglún atá le teacht. Tá sé fíorthábhachtach, mar sin, nach mbeidh a dtaithí ar an teanga sin teoranta don seomra ranga ach gur taithí a bheidh ann a bheidh i gcroílár ár saoil laethúil agus ár gceisteanna nua chomh maith lenár seancheisteanna…….

Tá comórtais mar Ghradam Leabhar na Bliana de chuid Fhoras na Gaeilge fíorthábhachtach agus cuirimís fáilte mhór roimh na leabhair go léir atá ar ghearrliosta ghradaim na hoíche anocht. Léirítear ról bríomhar na teanga Gaeilge agus a féidearthachtaí i sochaí an lae inniu sa raon ábhair a chlúdaítear sna foilseacháin atá ainmnithe. Is ábhar fíorasach atá i gcuid de na leabhair agus cuireann siad i gcuimhne dúinn ár n-oidhreacht shaibhir ealaíne, ár dtraidisiúin bhreátha phobail agus ár stair imirceach a nascann inniu muid lenár gclann mhór agus bheoga ar fud an domhain. Tá leabhair eile ann a dhíríonn ar ár n-amhráin, ár ndánta agus ár bhfinscéalta traidisiúnta ar bhealaí atá cruthaitheach agus a thugann beocht agus samhlaíocht nua don bhéaloideas ealaíne a fuaireamar ónár sinsear. Tá leabhair eile arís ann, agus tá sé seo ríthábhachtach, ar shaothair nua ficsin atá iontu, rud a chuireann i gcuimhne dúinn an tobar domhain tallainne airgthí atá fós á spreagadh ag an teanga Ghaeilge i saol domhanda agus luaineach an lae inniu.

Tá a fhios agam nach féidir linn ach dhá fhoilseachán bhuaiteacha a bheith anseo anocht, ach go deimhin, tá údar bróid ag gach aon duine a bhfuil a gcuid saothair ar an ngearrliosta. Déanaim comhghairdeas libh agus tréaslaím bhur saothar daoibh. Tá sibh tar éis a chinntiú go leanfaidh litríocht chomhaimseartha na Gaeilge a bheith beoga, scleondrach, cruthaitheach agus dúshlánach. Mar fhocal scoir, ba mhaith liom ní hamháin comhghairdeas a dhéanamh le gach uile duine agaibh ach rath agus sláinte a ghuí oraibh chomh maith.

Go raibh míle maith agaibh go léir.