Nuacht

Teachtaireacht na Nollag agus na hAthbhliana ón Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn, 2019

Teachtaireacht na Nollag agus na hAthbhliana ón Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn, 2019

Foilsithe: Dom 22nd Nol, 2019 | 07:04

Ba mhaith liom, mar Uachtarán na hÉireann, mo bheannachtaí ó chroí a sheoladh chugaibh.  Guím Nollaig Shona agus Bliain Nua shíochánta oraibh uilig.

Agus muid ag trasnú thar Ghrianstad an Gheimhridh, is am dhóchais é an Nollag agus muid ag súil anois le síneadh sna laethanta atá romhainn. 

Ag an am seo, nach cóir dúinn smaoineamh ar scéal lárnach na Nollag, scéal Mhuire agus Sheosaimh agus iad ag lorg dídine i mBeithil dóibh féin agus dá leanbh sa bhroinn.  Dúradh arís is arís eile leo nach raibh aon lóistín ar fáil dóibh.

Anseo in Éirinn, tá stair fhada na himirce, na gluaiseachta, na n-aistear fágála agus deoraíochta againn. 

Inniu, táimid bródúil as an méid atá á dhéanamh ag an diaspóra do chultúr agus do shaol a mbailte nua.  Ach cuimhnímid chomh maith ar na hÉireannaigh sin atá b'fhéidir in ísle brí, iad i bhfad ón áit is dual dóibh, óna muintir, agus, b’fhéidir, iad cráite ag an tráth seo.  Ní mór dúinn smaoineamh orthu, agus ní le linn na Nollag amháin.

Ba mhór an tábhacht a bhain leis an gcúnamh fial airgid a bhfuaireamar uathu siúd a chuaigh thar sáile nuair a bhí muintir na tíre seo bocht, briste agus faoi chruatan an tsaoil.  Chuidigh siad go mór le tír a chothú ina mbeadh dóchas agus deis inti, tír ina bhféadfadh an ghlúin óg féidearthachtaí nua a fhíorú. 

Caibidil an-tábhachtach i stair na tíre seo é an tréimhse sin, agus ní ceart dúinn dearmad a dhéanamh ar go brách.

Inniu, mar a tharla d’ár sinsear tráth, tá daoine ar fud na cruinne nach raibh aon dul as dóibh ach a dtíortha dhúchais a fhágáil.  Tá roinnt dóibh tagtha chugainne, a gcomhshaoránaigh domhanda, ag lorg cosaint agus tearmann uainn dóibh féin agus dá muintir, le dóchas acu go mbeidh todhchaí níos fearr acu.

An dtabharfaidh muid an tsráid dóibh, á rá leo nach bhfuil lóistín ar fáil?  Nó an mbeannaímid dóibh i spiorad an bhráithreachais, ag smaoineamh ar stair na heisimirce atá ag croílár scéil mhuintir na hÉireann?

Tá dúshláin mhóra ós ár gcomhair a gcaithfimíd glacadh leo.

Sa bhliain dhá mhíle agus a naoi déag, nochtadh go soiléir go bhfuil gá le comhghníomhaíocht in aghaidh an athraithe aeráide agus an slad atá á dhéanamh ar dúlra na cruinne.

Ag deireadh na bliana tá teachtaireacht shoiléir faighte againn ó na heolaithe go gcaithimid i bhfad níos mó a dhéanamh, agus gan mhoill, chun tubaiste a sheachaint.

Cúis dhóchais a bhí ann gur thaispeáin an ghlúin óg go bhfuil siad lántoilteanach a bpáirt a ghlacadh sna hathruithe atá i ndán dúinn.  É sin ráite, ní mór dúinn gníomhú mar phobal domhanda chun an dúshlán ollmhór seo a shárú.

Cé go bhfuil an príomh-freagracht ar rialtais ceannaireacht a thaispeáint, tá tábhacht ag baint lenár ngníomhartha pearsanta, fiú agus an chuma orthu go bhfuil siad beag agus aonarach.

Dá bhrí sin, agus muid ag tabhairt aghaidh ar bliain úrnua, geallaimis ár dtionchar ar ár dtimpeallacht a thuiscint níos fearr agus dul i ngleic, le chéile, leis na athruithe atá riachtanach chun ár bpláinéad, ar n-aeráid agus ár ndúlra a choimeád slán ar mhaithe linn féin agus leis na glúnta atá le teacht.  

Ar an Nollaig áirithe seo nach fiúntach an gealltanas é an ceart a chothú agus tuiscint ar an daonnacht choiteann a fhorbairt – Daonnúlachas a chuirfidh iallach orainn dlúthbhaint chothrom a chruthú idir an éiceolaíocht, an eitic, an eacnamaíocht, an cultúr, agus saol comhlíonta?

Agus dúluachair na bliana inár ndiaidh agus muid ag druidim ar shéasúr na dtosach agus na bhféidearthachtaí nua, bíodh misneach againn agus dlúthpháirtíocht againn leo siúd atá leochaileach in Éirinn agus ar fud an domhain. Is é an dlúthpháirtíocht sin an bealach is fearr dúinn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus ar na féidearthachtaí atá ós ár gcomhair.

Guím Nollaig shíochánta agus Athbhliain lán dóchais agus deiseanna ar gach uile dhuine díbh.

Beir Beannacht.