Nuacht

The Saint Vincent de Paul Ethics Launch Event

Foilsithe: Lua 22nd Meá, 2014 | 00:02

Sheol an tUachtarán Ó hUigínn an dara céim dá Thionscnamh Eitice ag imeacht arna óstáil ag Cumann Naomh Uinseann de Pól. 

Tá sé mar aidhm ag an Tionscnamh Eitice feidhmiú mar dheis don smaointeoireacht chriticiúil agus úrnua, agus cuidiú le tacaíocht a thabhairt don “fhorás flúirseach tionscnamh dearfach atá i sochaí na hÉireann” agus tacú leis. 

Agus an tionscnamh á sheoladh aige, mhol an tUachtarán Ó hUigínn Cumann Naomh Uinseann de Pól, agus dúirt “ba cheart go mbeimis uile, Éireannaigh, buíoch den obair chiúin, leanúnach sheachtainiúil a dhéanann saorálaigh Chumann Naomh Uinseann de Pól. Ach ba cheart go dtabharfadh a ngníomhaíochtaí ár ndúshlán, agus iad bunaithe sa chreideamh gurb ionann streachailt na ndaoine imeallaithe agus streachailt na sochaí i gcoitinne.” 

Thug an tUachtarán Ó hUigínn cuireadh don Chumann agus don tsochaí shibhialta i gcoitinne leas a bhaint as an deis seo na luachanna ar mhaith leo iad a bheith i gceartlár ár dtodhchaí chomhroinnte a chur in iúl agus iachall a chur ar ár n-ionadaithe tofa éisteacht le glórtha na ndaoine is leochailí i sochaí na hÉireann.