Leabharlann na Meán

Óráidí

Radio Na Gaeltachta 40th anniversary

Focail ón Uachtarán Micheál D. Ó hUiginn tráth comóradh 40 bliain ó bunaíodh Raidió na Gaeltachta Gaillimh

A Chairde,

Is cúis mhór áthais dom a bheith i bhur dteannta tráthnóna inniu do chomóradh 40 bliain ó bunaíodh Raidió na Gaeltachta. Ba mhaith liom buíochas faoi leith a ghabháil le Edel Ní Chuireáin as an gcuireadh cineálta a thug sí dom bheith libh ar an ócáid cheiliúrtha seo.

Is ábhar ollmhór áthais agus sásaimh dom go pearsanta go bhfuil a leithéid d'ócáid le ceiliúradh. Ba phróiseas dian é an stáisiún a bhunú an chéad lá agus bhí tiomantas mór ó an-chuid daoine taobh thiar de sin. Bhí gá le feachtas fada agus diantroid ó Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, iarracht de chraoladh 'bradaigh' san áireamh, le brú a chur ar an Rialtas an dara craoltóir a chur ar bun sa Stát, ach rinne siad amhlaidh.

Agus é sin ráite, seo muid, 40 bliain níos déanaí, le staisiún raidió a bhfuil éacht shuntasach fhada bainte amach aige taobh istigh de thraidisiún bródúil na craoltóireachta seirbhíse poiblí le raon mór clár éagsúla agus bríomhara atá craolta ar bhonn náisiúnta agus, go deimhin, domhanda.

Níl teorainn le tábhacht an stáisiúin do na pobail Ghaeltachta, idir neartú staid na teanga agus i dtéarmaí tacaíochta do na pobail sna ceantair sin.

Is fíordhúshlán é an tíreolaíocht féin – go bhfuil na pobail Ghaeltachta scoilte agus i bhfad óna chéile – maidir lena dteacht slán mar acmhainn chultúir faoi leith. Is é an toradh leis sin go bhfuil an pobal Gaeltachta, sa chiall is leithne, scaipthe thar limistéar mór, agus cuid mhór de deighilte go hinmheánach.

Tá athrú mór ar chúrsaí sa lá atá inniu ann, ach bhí deacracht mhór leis an staid sin i 1972. Ba thionscnamh nua amach is amach é Raidió na Gaeltachta sa mhéid is gur lig sé do dhaoine taithí comónta a bheith acu agus í a roinnt lena chéile, agus gur thug sé deis ceisteanna a bhí ag déanamh tinnis dóibh mar aon lena gcuid riachtanas agus a saol a phlé agus a chur faoi chaibidil, go hiomlán ina dteanga féin. De bhreis air sin chuir sé ar chumas daoine teagmháil a dhéanamh le daoine eile ar fud na nGaeltachtaí éagsúla – trí dhíospóireacht, cheol agus spórt.

Rud tábhachtach eile, chuir sé ar chumas daoine teacht ar nuacht agus chúrsaí reatha ina dteanga féin, rud a chiallaigh go rabhthas in ann ceisteanna tábhachtacha náisiúnta agus idirnáisiúnta a chur faoi bhráid phobal na Gaeltachta ar bhealach díreach nádurtha. Chiallaigh sé freisin, ar ndóigh, gur tugadh aird cheart ar cheisteanna a raibh baint ar leith acu leis na pobail sin – bhíothas in ann nuacht áitiúil a chur ar fáil do phobal áitiúil ina theanga fein. Ba é an toradh go bhféadfaí aon rud ó na ceisteanna domhada ba thromchúisí go dtí an scéal nuachta áitiúil ba lú a chraoladh do lucht éisteachta a chuir dúspéis san iomlán.

Tá Raidió na Gaeltachta mar sin tar éis pobail Ghaeilge a tharraingt níos dlúithe lena chéile, áthas a thabhairt dá chuid éisteoirí agus tá sé tar éis a bheith ina chomhluadar d'an-chuid daoine, go háirithe dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu i gcuid de na háiteanna is iargúlta in Éirinn. Rinne mé tagairt i mo chéad óráid mar Uachtarán don tábhacht a bhain le sochaí uileghabhálach a bhféadfadh daoine a bheith páirteach inti agus oibriú le chéile le pobail níos láidre agus níos seiftiúla a thógáil. Is mór an chreidiúint é daoibh gur chuidigh an tseirbhís a chuireann sibh ar fáil leis sin agus molaim sibh go mór as an éacht seo.

Is ábhar suntais í an pháirt a ghlac an craoltóir i gcaomhnú agus i bhforbairt an cheoil thraidisiúnta. Trí ardán a chur ar fáil do cheoltóirí, tá éisteoirí nua curtha ar fáil don chuid is fearr den cheol traidisiúnta, agus tá na ceoltóirí tar éis teacht ar lucht éisteachta i bhfad níos mó ná mar a d'fhéadfaidís a bheith ag súil leis roimhe sin. Mar thoradh air sin, tá tuiscint i bhfad níos fearr ann ar éagsúlacht agus iontas an cheoil thraidisiúnta agus tugtar aird níos mó air agus tá níos mó daoine páirteach ann.

Bhí páirt lárnach ag an gcraoltóir freisin i gcaomhnú agus i gcraobhscaoileadh shaothar na scríbhneoirí, drámadóirí, cumadóirí, amhránaithe agus aisteoirí ó na glúnta atá imithe. Is sampla maith de sin an clár agaibh ina ndearnadh ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar an chumadóra Seán Ó Riada agus molaim sibh as ealaíona an bhéaloidis, scéalta agus cuimhní na nglúnta atá imithe a thabhairt don ghlúin seo, agus a chinntiú go mbeidh siad ar fáil do na glúnta atá le teacht.

Sampla eile den chaoi ar féidir le héagsúlacht chultúir cur le sláinte anama agus intinne an Stáit, an Ghaeltacht ach go háirithe, is ea tiomantas leanúnach don drámaíocht chomhaimseartha. Trí cheisteanna práinneacha comhaimseartha agus stairiúla a chur á bplé agus dul i ngleic leo, is féidir iad a scrúdú agus déileáil leo ar bhealach domhain daonna ar chaoi nach féidir leis an neamhfhicsean a dhéanamh. Maidir leis sin, tá áthas an domhain orm a chloisteáil go bhfuil an sárscríbhneoir Joe Steve Ó Neachtain tar éis sraith bhreise de Baile an Droichid a scríobh. Faoi mar is eol dúinn, tá an-chuid tar éis tarlú in Éirinn ó craoladh an seó an uair dheireanach – is féidir le sraith dhrámaíochta mar seo dul i ngleic le gach atá tarlaithe agus leis na himpleachtaí do dhaoine ina saol laethúil – agus tá mé cinnte go ndéanfaidh sé amhlaidh.

Bíodh is gur bunaíodh an craoltóir le freastal ar cheantair Ghaeltachta go príomha, tá sé éirithe ina chraoltóir náisiúnta, agus glacann sé páirt lárnach agus fhíorthábhachtach i ngluaiseacht na Gaeilge ar bhonn náisiúnta agus mar shlat tomhais don uile dhuine in Éirinn.

Is acmhainn bhunúsach é an craoltóir do chainteoirí Gaeilge agus dóibh siúd ar mian leo an teanga a fhoghlaim – cuireann sé pobal láithreach ar fáil, chun dul i ngleic leis an teanga agus le ceisteanna a bhaineann leis an bpobal sin. Cuireann sé eagar ar chleachtas na ndaoine atá ag foghlaim nó fiú ag athfhoghlaim na teanga; cuireann sé ar a gcumas dul i dteagmháil le pobal na Gaeilge, fiú agus iad i bhfad ón bpobal sin.

Níos mó ná sin, tá an stáisiún ar fáil ar fud an domhain, de thairbhe chumhacht an idirlín – is féidir le cainteoirí Gaeilge ar fud na cruinne teacht ar chraoltaí Gaeilge. Maidir leis sin, tá sé spéisiúil a thabhairt faoi deara go maireann Raidió na Gaeltachta i gcónaí agus go bhfuil sé faoi bhláth in ainneoin méadú mór ar líon na stáisiún raidió agus foinsí meáin eile a bheith ar fáil go héasca.

Is léir, mar sin, gur féidir le Raidió na Gaeltachta seasamh in aghaidh chuid de na dúshláin is deacra atá ann don teilifís i ngeall ar theacht chun cinn na meán nua, ach ní féidir glacadh leis go bhfuil sé slán ar fad uathu. Tá sé soiléir go bhfuil áit ann do na cineálacha táirgí cultúrtha sin nach féidir le margadh na meán domhanda a sholáthar, agus go bhfuil éileamh ar a leithéid – táirgí a léiríonn ábhair sheasmhacha, chasta atá neadaithe go domhain sa chultúr. Agus ní haon bhagairt í an teicneolaíocht dóibh siúd, ach deis a dtionchar a leathnú – le táirge sainiúil a sholáthar don saol, agus é a chaomhnú don todhchaí.

Ag breathnú siar ar 1972, is léir anois gur chéim ríthábhachtach i gcur chun cinn chearta cumarsáide lucht labhartha na Gaeilge a bhí i mbunú Raidió na Gaeltachta agus tús ar phróiseas a raibh bunú stáisiúin theilifise, Acht na dTeangacha 1993 agus go deimhin, tuiscint níos leithne ar thábhacht na teanga ag leibhéal níos airde.

Má tá an Ghaeilge le coinneáil agus le forbairt mar theanga bheo, sna ceantair Ghaeltachta agus taobh amuigh díobh leanfaidh Raidió na Gaeltachta lena pháirt lárnach sa phróiseas sin.

Uair amháin eile, déanaim comhghairdeas leis an gcraoltóir Raidió na Gaeltachta as a bhfuil bainte amach le 40 bliain anuas agus guím gach rath orthu don chéad 40 bliain eile agus iad ag leanacht de sholáthar a sainseirbhíse ríluachmhara do phobail Ghaeilge ar fud na hÉireann, agus gach rath orthu agus iad i mbun forbartha na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.

Go raibh míle maith agaibh agus go n-éirí go geal libh sa todhchaí.