Leabharlann na Meán

Óráidí

NÓTAÍ ÓRÁIDE DON UACHTARÁN MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA ROINN NA GAEILGE, COLÁISTE PHÁDRAIG

NÓTAÍ ÓRÁIDE DON UACHTARÁN MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA ROINN NA GAEILGE, COLÁISTE PHÁDRAIG, DROM CONRACH 4 FEABHRA, 2000.

A Uachtaráin an Choláiste agus a chairde,

Is cúis áthais agus sásaimh dom bheith anseo libh ar maidin. I'm particularly glad to see the student's from Stranmillis College here- it’s a relief to know there are some in the audience who will be judging my Irish benignly.

Le fonn a ghlac mé leis an chuireadh ó Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig. Tá daoine ann a déarfadh nach raibh an darna rogha agam. B’fhéidir gur ceart dom é sin a mhíniú. Tá seanaithne agam ar Ghearóidín Uí Laighléis ón am a bhí an bheirt againn inár gcónaí i gCaisleán Ruairí. Tharla dom bheith i nGleann Cholmcille ar feadh seachtaine an samhradh seo caite, faoi ghlas ag Gael. Cé a bhí mar dhuine den gharda múinteoirí a bhí ‘mo choinneáil faoi ghlas ann ach an Gearóidín céanna. Chaith sí an tseachtain ag maíomh as na gaiscí a dhéantar i Roinn na Gaeilge anseo. Gan paidir capaill a dhéanamh de ní raibh mé le scaoileadh abhaile chuig mo chlann gan geallúint a thabhairt go dtabharfainn cuairt oraibhse anseo. Nach maith mar a coinníodh an fuadach seo ina rún. Ní raibh focal ar bith faoi ar na nuachtáin.

Ach tá lúcháir orm bheith anseo libh. I ndáiríre, chuirfinn aguisín leis sin: tá lúcháir orm go bhfuil sé ar mo chumas anois seasamh os bhur gcomhair agus labhairt libh i nGaeilge. Chuaigh mise gnáth-bhealach an dalta meánscoile i mBéal Feirste i dtaca le foghlaim na Gaeilge. Chaith mé cúpla tréimhse sa Ghaeltacht, i nGleann Fhinne. Bhí an Ghaeilge mar ábhar scrúdaithe agam do leibhéal O, ach nuair a bhí an scrúdú thart níorbh í an teanga dhúchais an chloch is mó ar mo phaidrín. Mar aon leis na mílte mílte eile sa tír seo bhí sé ar intinn agam rud éigin a dhéanamh fá dtaobh de, am éigin, dá mbeadh an mhéar fada go leor agus dóthain laethanta sa tseachtain.

Is iomaí cara liom a rinne iarracht mé a ghríosadh i dtreo na Gaeilge thar na blianta. Is iomaí uair a bhí mé ar tí tosú ach i gcónaí tháinig rud éigin salach ar mo chuid pleananna. Ach b’é an rud ba mhó a mheall ar ais chun na Gaeilge mé ná an t-Uachtarántacht. Is ceart agus is cóir chéad teanga na hÉireann a bheith ag Uachtarán na hÉireann, dar liom. Thosaigh mé ar cheachtanna agus tá mé fós ag gabháil dóibh. Múinteoir an-chrosta atá agam. Is cuma mé i ndiaidh a bheith ar cuairt ag an Uachtarán Clinton nó ag an Phápa nó ag Banríon Shasana, bíonn orm an obair bhaile a bheith déanta agam. Ach is fiú cur suas leis an dua seo mar gheall ar an turas atá tosaithe agam, turas aoibhinn draíochtúil isteach i litríocht na Gaeilge. Níor thuig mé i gceart go dtí ar na mallaibh áilleacht na teanga agus saibhreas na litríochta atá mar oidhreacht agus mar dhúchas agamsa agus ag an uile-dhuine de mhuintir na hÉireann. Tá teanga na Gaeilge ar cheann de na fórsaí a mhúnlaigh muid mar phobal, a chruthaigh féiniúlacht chultúrtha agus dearcadh ar leith ionainn.

Cé go ndeirim gur le muintir na hÉireann ar fad an Ghaeilge ní gach duine a thiocfadh liom sa bharúil sin, agus ní miste dúinn é sin a aithint. Bíonn sé níos deacra ar dhaoine agus ar aicmí áirthe seachas a chéile, seilbh a ghlacadh ar an dúchas seo. Ba mhinic a labhair mo sheanchara, an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich – go ndéana Dia maith dó – ar an ábhar seo. Mheabhraigh sé dúinn gur fiú cuimhniú ar an cheangal idir Prostastúnachas agus an Ghaeilge: gurbh é an chéad leabhar a cuireadh i gcló riamh i nGaeilge ná Leabhar na bPaidreacha Coitianta de chuid Knox, gurbh é an chéad Nua-Thiomna a cuireadh i gcló i nGaeilge ná ceann de chuid Eaglais na hÉireann, agus gurbh í an Ghaeilge a bhí mar theanga sheanmóra ag cuid de na ministéirí Preisbitéireacha i gCúige Uladh go luath sa naoú haois déag.

Is fada ón naoú haois déag anois muid. Níl mé i dtaithí air go fóill gur sa fiche haonú aois atá muid. Is méanar daoibhse, a ghlúin óg, atá ag teacht in aois sa lá atá inniu ann mar tá an tír ag teacht in aois in éineacht libh. Tá borradh do-chreidte faoin eacnamaíocht agus faoin chultúr le blianta beaga anuas agus mar chuid den renaissance seo tá féin-mhuinín ag muintir na hÉireann thar mar a bhí againn riamh mar phobal. Tá fuinneamh agus achmhainní againn anois in Éirinn nár samhlaíodh a leithéid dúinn fiú leath scór bliain ó shin. Ach ní thig linn ár maidí a ligint le sruth. Ní miste na hachmhainní agus an fuinneamh seo a úsáid. Is lámh ar láimh a théann na pribhléidí agus na dualgaisí. Ar an drochuair is ar mhúinteoirí na tíre a thiteann cuid mhór den dualgas agus den ualach i dtaca leis an Ghaeilge a chaomhnú, a chothú agus a bheathú.

De réir mar a chuinim agus de réir mar a fheicim le mo shúile cinn tá dílseacht agus dúthracht agus cur chuige faoi leith ag baint le scoláirí Gaeilge Choláiste Phádraig. Is maith ann sibh mar dhaoine a chuirfidh leis an mhórtas cine seo a bhí muid ag iarraidh a mhúscailt le fad an lá. Is maith ann sibh mar eiseamláir agus mar chrainn taca agus mar mhúinteoirí a spreagfaidh grá don Ghaeilge sna glúnta atá fós le teacht ar an saol. Nár laga Dia sibh mar tá muid ag brath oraibh.

San obair mhór atá ar siúl agaibh sa choláiste seo ar son na Gaeilge tá sibh mar chuid de thraidisiún luachmhar a théann siar chomh fada le stair Choláiste Phádraig féin. I measc laochra litríocht na Gaeilge de chuid an choláiste seo bhí Máirtín Ó Cadhain, Séamus Ó Grianna agus Eoghan Ó Tuairisc. Ní beag an méid atá déanta ag foireann Roinn na Gaeilge atá ann faoi láthair mar a bhaineann le saothrú na scríbhneoireachta. Tá clú agus cáil ar na leabhair atá scríofa ag Alan Titley agus a chomh-léachtóirí- focal molta soeisialta do Mhairin Nic Eoin as duais an Irish Times a bhaint. Tá an t-ádh ar na mic léinn anseo go bhfuil ceann de na foirne is láidre sa tír ag Coláiste Phádraig. Comhghairdeachas libh a mhuintir na foirne.

Creidim go bhfuil tréan-obair ar siúl ag an Chumann Gaelach. Tréaslaím libh as a bhfuil déanta agaibh chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an Choláiste. Ba shamhlaíoch an gníomh é ceachtanna Gaeilge a chur ar fáil do dhuine ar bith atá ag obair sa choláiste.

Guím mo bheannacht oraibh, a chairde, agus ar an obair mhór atá ar siúl agaibh i Roinn na Gaeilge anseo. Is léir dom go saothraíonn sibh go dian dícheallach ar son na Gaeilge agus is léir dom fosta go mbaineann sibh ard-sult agus sásaimh as. Tá an dá rud tábhachtach, ach is i dteannta a chéile is ea is fearr iad.

Mar fhocal scoir, in ainm dílis Dé déanaigí trócaire orm nuair a bheidh sibh ag caint liom agus labhraigí go deas mall!

(Go raibh mile maith agat a Ciaran as an dan alainn)

Go raibh míle maith agaibh.