Leabharlann na Meán

Óráidí

NÓTAÍ ÓRÁIDE DON UACHTARÁN MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA SEOLADH ‘FEARANN PINN’ ÁRAS FHORAS NA GAEILGE

NÓTAÍ ÓRÁIDE DON UACHTARÁN MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA SEOLADH ‘FEARANN PINN’ ÁRAS FHORAS NA GAEILGE 12 MEITHEAMH 2000

A chairde na filíochta,

Níor thuig mé nuair a bhí mé anseo an uair dheiridh nach mbeinn in Áras Bhord na Gaeilge riamh arís. Agus níl anois, mar is in Áras Fhoras na Gaeilge atá mé anois, Foras de chuid an Fhorais Teanga. An ormsa atá an mearbhall nó an bhfuil saol na Gaeilge ag éirí iontach casta, iontach gasta?

Ach nach iontach an rud é go bhfuil eagras láidir oifigiúil ag feidhmiú ar bhonn uile-Éireann anois, agus é dírithe go hiomlán ar chur chun cinn na Gaeilge. Tá tábhacht ar leith leis an Fhoras sa Tuaisceart ach go háirid, nó seo an chéad uair go raibh eagras oifigiúil stáit dá leithéid riamh ann. Guím gach rath ar mo chara agus comh-scoláire Maighréad Uí Mháirtín Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, ar an Bhord Stiúrtha, ar Mhicheál Ó Gruagáin an Príomh-fheidhmeannach agus a fhoireann ar fad, a bhfuil tús maith déanta acu le sé mhí anuas agus atá ag obair go dian dícheallach ar leas an uile dhuine againn.

Is mór an chúis áthais dom go bhfuair mé cuireadh teacht inniu chun an leabhar álainn seo ‘Fearann Pinn’ a sheoladh. Is iomaí comhchiallach atá leis an fhocal ‘fearann’: feirm, talamh, páirc, gort, ceathrú, ach samhlaítear domsa go dtéann an focal ‘fearann’ lámh ar láimh le saothrú. Ar an ábhar sin is fóirstineach an teideal é ‘Fearann Pinn’ ar an díolaim filíochta seo nó go mbíonn saothar agus diansaothar i gceist leis an fhilíocht. Bíonn an file ag cur agus ag cothú, ag beathú agus ag bearradh, ag dréim i dtólamh leis an fhómhar a bheas le baint, i bhfoirm dáin. Seo mar a scríobh an file, agus eagarthóir an leabhair seo, Gréagóir Ó Dúill, ocht mbliana déag ó shin agus é ag cur síos ar ‘an drochráithe’ a thagann arís agus arís:

 

Seo anois go fíor an geimhreadh crua,

Geimhreadh an anama.........

....................mo smaointe

Fad sciatháin uaim.

 

Tuigeann gach file duit, a Ghréagóir. Bíonn sclábhaíocht i gceist in amanna, dua agus deacracht agus díomá; ach in amanna nuair a thosaíonn tobar na smaointe ag cur thar maoil, nuair a phléascann na focail amach ina rabharta glórmhar fríd an chomhla a bhí druidte go teann, is fiú an duais an dua.

Bíonn toibreacha agus srutháin, aibhneacha agus farraige mhór na filíochta ag coinneáil uisce lenár dteanga, agus ar an chaoi sin ag coinneáil uisce leis an phlanda leochaileach sin, cultúr na hÉireann. Is iomaí foinse leis na haibhneacha agus na srutháin seo, cuid díobh i bhfad ó bhaile agus cuid eile mar a bheadh fuaráin gar don bhaile. Ach feiceann gach file rud neamhghnáthach sa taithí choitianta. Bíonn gach file ag inse dúinn go bhfuil níos mó sa tsaol seo ná an bheatha thuirsiúil laethúil. Bíonn gach file ag cuartú sa scáil, ag fógairt bhua na samhlaíochta.

Sa leabhar mór seo ina bhfuil breis agus trí chéad go leith dán, ina bhfuil saothar ceithre scór file, tá focail a dhéanann an croí a bhíogadh, a dhéanann buachailleacht ar ár gcuid snab-smaointe, strac-smaointe, mac-smaointe agus a thugann ár ndúshlán dul in adharca le smaointe na bhfilí. Bhí sagart in Eaglais na hÉireann, an Canónach Feardorcha Ó Conaill, a theagasc, mar a theagasc mé féin, ar Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste agus a tháinig, mar a tháinig mé féin go Baile Átha Cliath. Tá dán aige anseo a chíorann dúil an duine sa tsaol eile, sa dóchas neamhábharach, sa chlaochló. Is smaoineamh é seo a bhfeagraíonn gach duine dó, cuma cén traidisiún a mbaineann an duine leis:

Glaotar orm ón dtír úd ’gus is aoibhinn liom an glór, Mar a bheadh leoithne chaoin ag cogar thar an gcuan.......

Is maith go mbíonn an spioradáltacht seo, gnéithe éagsúla di, le léamh ar go leor de na dánta anseo: ar choinsias chiaptha Sheáin Uí Ríordáin, ar ghrá an Direánaigh don áit dhúchais agus don mhuintir ar díobh é, ar leaganacha den bhúdachas ag Rosenstock agus ag Ó Searcaigh, ar ghrá na gcomharsan agus ar ghrá na gcoimhthíoch ag an iomad sin filí.

Is spéisiúil an chaoi a dtéann líon na mban i méid de réir mar a théann an céad bliain isteach. Is léir ón leabhar seo go bhfuil filíocht na Gaeilge ag athrú. Ní i seilbh na bhfear atá sí níos mó mar is i méid atá páirtíocht na mban ag dul le tamall. Táthar ann a déarfadh nach páirtíocht ar chor ar bith ach cinnireacht atá le sonrú i gceol agus léann Mháire Mhic an tSaoi, i dtorthúlacht chasta agus i bhfileatacht réabhlóideach Nuala Ní Dhomhnaill, i bhfáscadh agus i ndiúrnadh Áine Ní Ghlinn, i ngreann buile agus i gclasacacht fhíneáilte nua-aimseartha Biddy Jenkinson. Tá dream filí anseo a chumann a gcuid rialacha dóibh féin, iad ag tabhairt airde ar chanóin na bhfear nuair a oireann agus ag déanamh neamhshuim ann seal eile.

Ar ndóigh, tá athruithe móra ar shaol na Gaeilge le céad bliain anuas. Fán bhliain míle naoi gcéad níor chéad teanga oifigiúil na hÉireann í agus a rian sin ar a laghad de litríocht na Gaeilge a bhí i gcló ag an am. Nach iontach an t-athrú atá ar chúrsaí sa lá atá inniu ann. Tá múinteoirí, iriseoirí, scríbhneoirí, lucht raidió agus teilifíse le moladh air seo, mar atá, gan amhras, foilsitheoirí na filíochta a bhfuil páirt chomh tábhachtach ag Coiscéim ina measc. Díreach céad bliain ó shin d’fhoilsigh An Craoibhín Aoibhinn, Dubhglas de hÍde, an chéad chnuasach bunfhilíochta le file beo Gaeilge riamh. Rinne sé iarracht ar oidhreacht liteartha na Gaeilge a mheascadh le traidisiún an bhéaloideasa agus le rith na teanga beo. Is mór an onóir domsa bheith i mo chomharba ar an tiargálaí fadradharcach dílis sin.

Is iontach an líon dánta sa leabhar seo a scríobhadh thar lear nó de thoradh ar an fhile a bheith thar sáile. D’fhág cuid mhór de thíortha an domhain a lorg ar cheird chuid mhór d’fhilí na hÉireann. Bíonn filí eile ag saibhriú a n-ealaíne trí mhionléamh a dhéanamh ar shaothar filí i dtíortha éagsúla. Bhí tionchar láidir ag Eliot ar an Direánach, ag E. E. Cummings ar Davitt, ag filí na Fraince ar Ó Muirthile agus ar Derry O’Sullivan, ag filí na Gaidhlice ar Ó Searcaigh agus ar Mac Síomóin, ag filí na hIbéire ar Pearse Hutchinson. Tá an oscailteacht seo, an éagsúlacht teangacha agus tionchar seo, an malartú idirnáisiúnta seo ina shaibhreas ag filíocht na Gaeilge agus ag muintir na hÉireann.

Sa mhéid agus nach cainteoirí dúchais Gaeilge iad formhór na bhfilí sa lá atá inniu ann, tá a bhfuil ar siúl acu neamhghnáthach. Ní heol dom litríocht ar bith eile atá á cumadh agus á léamh chomh forleathan sa dara teanga. Bhí a leithéid ann roimhe: tagann an Laidin agus an Eabhrais chun cuimhne, ach tá filí Gaeilge na linne seo ag taispeáint an bhealaigh don domhan mór. Mar gheall ar a ndílseacht don Ghaeilge, don teanga bheag a bhfuil teangacha móra thart timpeall uirthi, bíonn tuiscint agus dílseacht ag filí na Gaeilge don té atá thíos, don chúis atá lag, mar is follas sa leabhar seo. Ní fada an siúl ón bhaile fearainn go dtí an tríú domhan.

Sé atá san fhilíocht ná an áit a dtagann an Bhé ar bharr talaimh agus sé atá san fhile ná an duine a bhíonn ag dúil leis agus a mhothaíonn an tonnchrith. Cluineann filí comhrá an tsaoil i réim éisteachta nach léir do ghnáthdhaoine. Bíonn bua na híogaireachta ag an fhile, bua na físe agus bua na gaoise in amanna. Bíonn sé ina chathú ar ealaíontóirí áirithe nuair a shroicheann siad barr a réime a bheith ag iarraidh ealaíontóirí óga a sheoladh chun na Bé, a tharraingt i dtreo an inspreagtha. Ní féidir é a dhéanamh. Gheobhaidh an Bhé a bealach féin. Tiocfaidh sí san áit agus san am is toil léi féin, mar a tháinig sí chuig na filí a bhfuil muid ag ceiliúradh a saothair sa díolaim seo.

Déanaim comhghairdeas le Gréagóir Ó Dúill, le Pádraig Ó Snodaigh agus muintir Coiscéim, leis an Fhoras, leis an Chomhairle Ealaíon agus le gach aon duine a raibh baint acu le ‘Fearann Pinn’. Cruthaíonn an leabhar seo go bhfuil filíocht na Gaeilge á saothrú go leanúnach láidir, agus sin bua na beatha. Go raibh maith agaibh.