Leabharlann na Meán

Óráidí

NÓTAÍ ÓRÁIDE DON UACHTARÁN MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA OSCAILT ÁRAS GHLÓR NA nGAEL

NÓTAÍ ÓRÁIDE DON UACHTARÁN MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA OSCAILT ÁRAS GHLÓR NA nGAEL AR BHÓTHAR NA bhFÁL, BÉAL FEIRSTE

A chomh-mhuintir Bhéal Feirste agus a chairde,

Tá lúcháir mhór orm bheith anseo libh inniu. Cuireann sé gliondar ar mo chroí bheith ar ais i mo chathair féin i measc mo mhuintire féin. Mar is eol daoibh is iar-dhalta mé de chuid Choláiste San Dominic anseo béal dorais. Dá mbeadh pingin agam d’achan uair a shiúil mé thar na tithe seo, le linn m’óige, bheinn féin ábalta ar iad a cheannach i bhfad ó shin. Níor shamhlaigh mé sna laethanta sin go mbeinn ar ais anseo mar Uachtarán na hÉireann ag oscailt an fhoirgnimh seo mar áras breá úr Ghlór na nGael ach sin Rothaí Móra an tSaoil.

Sna laethanta sin fadó ní raibh an borradh céanna fán Ghaeilge i mBéal Feirste is atá anois ann. Bhí Cumann Chluain Ard againn agus an Ard Scoil agus is iomaí oiche mhaith a bhí agam san dá áit. Ach ag an am thiocfadh leat fad an bhóthair seo a shiúl agus ní bhfaighfeá móran daoine ag labhairt na Gaeilge, gan trácht ar bheith ag caint go réadúil ar oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil do leanaí. Anois, sa bhliain seo Dhá Mhíle d’aois Ár dTiarna, tá naoi mbunscoil agus meánscoil lán-Ghaeilge sa chathair, agus cuid mhaith naí-scoileanna. Taobh linn anseo tá Cultúrlann ann, áis atá mar chroílár saoil sóisialta agus cultúrtha na nGael i mBéal Feirste. Thar rud ar bith eile tá pobal Gaelach sa chathair atá chomh dílis, bríomhar, bródúil is a gheobhfá i nGaeltacht ar bith.

Fite fuaite fríd an ghiniúint agus an fhorbairt seo ar fad, tá Glór na nGael mar a bheadh dlúth agus inneach na hathbheochana ann. Bunaíodh Glór na nGael i mBéal Feirste Thiar sa bhliain 1982 (naoi déag ochtó dó) chun an Ghaelige a chur chun cinn. Aidhm an-leathan a bhí ansin. D’aithin siad láithreach gurbh é an bealach ab’ éifeachtaí é seo a dhéanamh ná fríd an oideachas lán-Ghaeilge. Chuige sin, dhírigh muintir Ghlór na nGael a gcuid ama, a gcuid fuinnimh agus a gcuid achmhainní, go príomha, ar chúrsaí scolaíochta:

 

 

§ talamh agus foirgnimh a aimsiú agus a sholáthar;

§ Gaelscoileanna a bhunú agus a mhaoiniú; agus

§ aitheantas oifigiúil a fháil do na scoileanna sin.

 

Bhí dua agus dursan ag baint leis. Dúirt lucht na drogallóirí go raibh siad ag snámh in aghaidh easa agus gur obair in aisce a bhí ann. Ach níor chaill bean ná fear an mhisnigh riamh é, agus a bhuíochas don spiorad do-chloíte sin atá go smior i bpobal Gaelach Bhéal Feirste, tháinig rath agus bláth ar a gcuid iarrachtaí.

Faoin am seo tá na naí-scoileanna, na bunscoileanna agus an mheánscoil faoi lán seoil. Tá ranganna do dhaoine fásta ag dul ar aghaidh gan stad, gan fuaradh. ‘Sé an chéad chéim eile ar dhréimire an Ghaelachais ná fostaíocht trí Ghaeilge a chur ar fáil, go háirithe do na daoine sin a fuair a gcuid scolaíochta trí mheán na Gaeilge. Agus tá muintir Ghlór na nGael ar fáil arís chun beart a dhéanamh san obair cheannródaíochta seo.

Tuigeadh dóibh gur láidre go mór an fiontar agus é féin-mhaoinithe, agus chuige sin Gnó Pobail, an t-áras álainn úr seo agus a bhfuil istigh ann: muintir na Gaeilge fostaithe ann le seirbhísí a chur ar fáil sa dá theanga.

Cionn de na cuspóirí a bhí ag Glór na nGael ón am a bunaíodh sa chathair seo iad ná aitheantas oifigiúil a fháil don Ghaeilge mar bhealach agus mar áis chóir cheart chun féiniúlacht chultúrtha a chur in iúl. Tugann Comhaontú Aoine an Chéasta stadas agus aitheantas don Ghaeilge don chéad uair. Cé go bhfuil deachrachtaí polaiticúil ann i láthair na huaire, tá an Foras Teanga Thuaidh-Theas réidh le dul i mbun oibre arís ar bhonn uile-Éireannach, le hoifig i mBéal Feirste, agus beidh maoiniú úr agus tacaíocht don Ghaeilge sa taobh seo tíre dá bharr. Ar ndóigh is iar-dhalta eile de chuid Choláiste San Dominic, Maighread Uí Mháirtín, atá ina Cathaoirleach ar an Fhoras. Béal Feirsteach breá Gaelach agus sean-chara liom féin í. Mar is eol díobh, is dócha, tá Comhairle na Gaelscoileanna díreach tar éis bheith bunaithe chun cuidiú le forbairt na nGaelscoileanna.

Ní gan iarraidh a tháinig na hathruithe seo. Tá cuid mhór den bhuíochas tuillte agus tuillte go maith ag Glór na nGael.

Déanaim comhghairdeachas ó chroí libh, a chairde. Is eiseamláir do phobal na hÉireann sibh san obair atá déanta agaibh agus san obair atá ar siúl agaibh go fóill. Tá mé féin, go pearsanta, iontach bródúil asaibh agus as a bhfuil déanta agaibh. Bhí aisling agaibh. Bhí fís agaibh agus thug sibh faoina chur i gcrích go dícheallach agus go díograsach, le neart agus le fuinneamh agus le croí mór maith. Tá mé mórtasach as muintir mo chathrach féin agus tá sé sin ceadaithe. Nach bhfuil?

Tá na háiseanna nua-chóirithe seo ar Bhóthar na bhFál déanta amach go hálainn agaibh. Is mór an trua nach raibh siad ann le mo linn béal dorais. Bheadh áit bhreá chompórdach Ghaelach agam le dul fá choinne cupán tae ag am lóin, seachas siúl síos go dtí áit mo dhaidí ar Shráid Leeson. Tá súil agam go mbeidh ráchairt ar na seirbhísí seo ar fad. Nár laga Dia sibh. Guím mo bheannacht agus gach rath agus séan oraibh san am atá le teacht. Fógraím Áras Úr seo Ghlór na nGael ar oscailt go hoifigiúil.

Go raibh maith agaibh.