Leabharlann na Meán

Óráidí

Teachtaireacht ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn For-Rochtain an Phobail maidir le COVID19

Áras an Uachtaráin, Friday 5 June 2020

Is foinse mhisnithe agus dhóchais den scoth don todhchaí fios a bheith againn go bhfuil grúpaí pobail agus daoine aonair amuigh ina sluaite ar fud na hÉireann ag tacú le daoine ina gceantair áitiúla agus gníomhartha cineáltais á ndéanamh acu go neamhleithleasach.

Is sárshampla atá in For-Rochtain an Phobail maidir le COVID-19, tionscnamh de chuid Nasc Tuaithe na hÉireann agus The Wheel le maoiniú ón Rialtas. Ceanglaíonn sé an iliomad eagras pobail agus deonach lena chéile ar fud na tíre agus tacaíonn sé leo chun a chinntiú go dtugtar a chúnamh san áit is mó a dteastaíonn sé.

Tá Seaimpíní Pobail gníomhach anois i ngach pobal ar fud na tíre. Tá siad ag cur daoine i dteagmháil lena chéile, daoine arbh fhéidir go dteastaíonn cúnamh uathu agus a mbainfidh tairbhe ag an am seo as tacaíocht áitiúil, tríd an eolas is deireanaí a thabhairt dóibh, agus trína chinntiú nach gcuirtear aon duine as an áireamh. Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom an deis a thapú agus buíochas ó chroí a ghlacadh libh go léir a bhí páirteach agus libhse go léir a bhí ar fáil go deonach le cabhair a thabhairt dóibh siúd a bhfuil sé de dhíth orthu ag an am deacair seo.

Maidir le cuid mhaith dár saoránaigh, is é an rud atá á dtabhairt slán an soláthar earraí grósaera, cógas agus earraí eile riachtanacha atá á seachadadh go dtí leac an dorais. Tá a fhios go maith agam go bhfuil go leor daoine sna ceantair tuaithe a bhfuil sé go han-deacair orthu de bharr a n-iargúltachta teacht ar earraí agus ar sheirbhísí riachtanacha, agus go bhfuil daoine ann a bhfuil míshuaimhneas agus dúshlán ar leith ag baint leis an easpa teagmhála le daoine eile ag an tráth seo.  

Ó thús na paindéime seo, léiríodh go leor samplaí de thairiscintí cúnaimh ó dhaoine a bhí ag iarraidh a gcuid ama a chur ar fáil chun cuidiú leis an bhfreagairt ar COVID-19.

Tá cuid díobh tar éis dul i mbun oibre ar línte tacaíochta géarchéime nó tar éis glaonna fóin a dhéanamh chuig baill leochaileacha dár bpobail. Chuidigh daoine eile le hearraí grósaera nó cógais i gcomhair na ndaoine sin ar an ngannchuid  a sheachadadh go dtí leac an dorais.  Tá cuid díobh tar éis a gcuid ama a thairiscint ar an líne thosaigh in ionaid tástála FSS fiú, agus faoiseamh agus tacaíocht á soláthar acu ag am struis agus imní.

Tá cuid de na saorálaithe ag tabhairt a gcuid ama den chéad uair. Tá cuid mhaith díobh tar éis ionchur luachmhar a dhéanamh sna pobail agus ba iad a ngréasáin agus a dteagmhálaithe a bhí chomh luachmhar sin sna míonna roimhe seo.  Níl duine ar bith díbh ag lorg aitheantais ach creidim anois, níos mó ná riamh, go bhfuil sé ceart agus cóir agus tuillte go maith agaibh mar go léiríonn sibh scoth na freagartha ar an ngéarchéim in Éirinn.  

Is é meon na hoibre deonaí agus an dlúthchomhair ghníomhaigh lenár gcomhshaoránaigh cuisle ár sochaí.  Gan amhras, is cosaint bhuan in aghaidh aon mhothú éidreorach nó neamhshuime, a d’fhéadfadh sinn a chosc dul i dteagmháil lenár gcomharsana atá ar an ngannchuid, atá sa tsaoránacht ghníomhach. Tá gníomhartha na mílte duine ar nós sibh féin sna seachtainí beaga atá caite tar éis a thaispeáint go bhfuil mothú na rannpháirtíochta fós an-láidir ar fud na hÉireann.

Tá sibhse, agus na daoine go léir a bhí ag obair libh thar na seachtainí agus na míonna atá caite, tar éis glaoch bhur bpobal a fhreagairt. Tá difríocht ollmhór déanta agaibh agus tá sibh fós ag soláthar seirbhíse riachtanaí agus sinn ag teacht amach go mall as dorchadas na paindéime go dtí solas na todhchaí roinnte feabhsaithe.

Molaim sibh agus gabhaim buíochas libh.

Beir beannacht.