Leabharlann na Meán

Óráidí

Teachtaireacht do Dhaltaí Iar-Bhunscoile ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn

18 Bealtaine, 2021

Agus muid ag tíocht go deireadh scoilbhliain deacair.  Ceann nach bhfacthas riamh cheana, is mian liom mo bhuíochas a ghabháil le daltaí iar-bhunscoile as an ról misniúil, flaithiúil a ghlac siad, i gcomhphairtíocht le daoine eile, tuismitheóirí, muínteoirí, lucht cabhrach sna scoileanna ar fad san aíreabh, inár gcath leanúnach leis an gcoróinvíreas.

Tá rian ollmhór fágtha ag an tréimhse seo ar go leor saoránach, ar mhórán slite. 

I dtosach óm’ chroí, déanaim comhbhrón leis na daltaí, a bhfuil duine muinteartha leo caillte de dheasca Covid-19.

Daoibhse go speisialta, bhí an tréimhse seo míshona agus pianmhar.  Tuigim freisin go bhfuil roinnt agaibh ag tíocht ó sheal ina raibh sibh, gan amhras, an-bhuartha faoi shláinte bhur mbaill teaghlaigh, baill leochaileacha go háirithe.  Daoibhse uilig, ba thréimhse imníoch agus bhrónach í seo.

Bhí paindéim an choróinvíris crua ar gach dalta.  Le linn an ama seo, bhí géarghá leis an seasmhacht agus an daonnacht. Iarradh oraibh ról a imirt leis na baoil a chur Covid-19 os ar gcomhair mar phobal a laghdú.

Bhí oraibh go léir dul i ngleic le roinnt dúshlán breise i mbliana, mar shampla: dúnadh na scoileanna.

Rí raibh aon éalú as, deineadh é ar son cúiseanna sláinte poiblí, cómh maith le sin tar éis bhriseadh na Nollag, castachtaí an fhoghlaim ar líne, an gá a bhí le scaradh sóisialta ar fhilleadh chun an tseomra ranga agus an éigcinnteacht maidir leis na scrúduithe stáit. 

Chomh maith leis na deacrachtaí seo ar fad, tá a fhios agam go raibh oraibh leanacht ar agaidh libh gan go leor de na himeachtaí agus deasghnátha atá mar chuid lárnach de shaol na scoile – na heachtraí spóirt, ceolchoirmeacha agus drámaí, na turasanna agus an ceiliúradh speisiálta sin ag deireadh na bliana atá mar chuid d’fhéilire na bliana acadúla.

Is éachtach agus is iontach bhur gcomhoibriú agus foighne le linn an ama seo. Traoslaím libh.

Iarradh oraibhse, níos mó  ná aon ghlúin eile de dhaltaí scoile, na tréithe riachtanacha sin atá ag croílár na saoránachta maithe a léiriú, agus sheas sibh an fóid.

Fiafraíodh díbh seasamh leo siúd is mó atá leochaileach agus i mbaol, íobairtí a dhéanamh ar mhaithe leis an móramh agus a bheith solúbtha, láidir agus tuisceanach in bhur saol laethúil.  D’fhreagair sibh le dea-thoil, béasa agus cineáltas.  Traoslaím libh arís.

Cé gur bhliain chrua a bhí ann daoibh, táim cinnte de go raibh an deis agaibh forbairt a dhéanamh ar cuid mhór scileanna breise, agus as an gnáth, a dhéanfaidh saoránaigh láidre, eiticiúla den scoth asaibh amach anseo.

Níl aon amhras orm ach gur fhoghlaim sibh gurb ionann an tsaoránacht agus caidreamh cineálta, ina bhfuil cearta mar aon le dualgas cúraim do dhaoine eile mar chuid de.

Foghlaimíodh freisin go bhfuil gá ann comhréiteach cheart a aimsiú idir cearta an duine aonair agus riachtanais daoine eile, muintir an phobail i gcoitinn agus go háirithe cosmhuintir an phobail sin ar bhealach flaithiúil agus comhbhách.

Tá an taithí agaibh anois ar conas is feidir na luachanna seo a chur i bhfeidhm. Luachanna iad seo nach féidir linn scaoileadh leo riamh, agus a bheidh mar údar inspioráide i gcónaí – luachanna ar nós cúram, cineáltas, comhbhá agus an cur le chéile atá mar chroí leo.

Tá cuid agaibh ag teacht i dtreo dheireadh bhur saol scolaíochta agus beidh sibh ag dul amach sa saol go luath le bhur gcosáin féin a aimsiú.  Beidh, dar ndóigh chuid eile agaibh ag filleadh ar an scoil i mí Mheán Fómhair le leanúint leis an turas meánscoile.

Téimid ar aghaidh, le chéile, i dtreo todhchaí níos fearr agus níos sábháilte, agus tá súil agam go leanfaidh sibh oraibh ag maireachtáil de réir, agus á dtreisiú an t-am go léir, na luachanna tábhachtacha atá léirithe agaibh le cúpla mí anuas.

Ag smaoineamh or bhúr n-iarrachtaí, tá sé le haireachtáil go seasfaidh go deo na luachanna seo do ghlúin faoi leith, a bhfuil go leor le chur ar fáil acu do shochaí na hÉireann.

Tá an-chumas sa ghlúin seo freisin sa ról lárnach a bheidh aici i stiúradh na tíre íar-phaindéime atá le chruthú – Éire a teastaíonn uainn a bheith ionchuimsitheach agus eiticiúil go smior.

Mar Uachtarán na hÉireann, agus thar ceann bhur gcomhshaoránaigh, is mian liom mo bhuíochas a ghabháil libhse go léir, as gach atá déanta agaibh le muid a choimeád slán le linn na paindéime.  Guím gach rath oraibh in bhur n-iarrachtaí amach anseo.

Beir beannacht don todhchaí.