“Maith thú” - Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn
10 Meitheamh, 2020
Tá an tUachtarán tar éis comhghairdeas a dhéanamh leo siúd a bhfuil Dúshlán Ghaisce sáraithe acu le linn phaindéim Covid-19.
Mhol an tUachtarán daoine óga a ghlac páirt sa chlár ‘Gaisce sa Bhaile’, mar ar cuireadh gníomhaíochtaí Ghaisce in oiriúint chun cloí le rialacháin sláinte agus le treoirlínte Covid-19.
Chuir teachtaireacht an Uachtaráin clabhsúr ar fheachtas Ghaisce dar teideal ‘Maith Thú’, a thug aitheantas do theacht aniar na hóige le linn ráig Covid-19.