Leabharlann na Meán

Óráidí

Óraid don uachtarán don dturas go Oileán Cléire ar 25 Aibreán 1998

Óraid don uachtarán don dturas go Oileán Cléire ar 25 Aibreán 1998

Tá lúcháir orm bheith anseo in Oileán Chléire libh inniu. Tá mé iontach buíoch daoibh as an chuireadh a thug sibh dom agus as an fháilte chroíuil a chuir sibh romham. Is é seo mo chéad chuairt, mar Uachtarán, ar Iarthar Chorcaí, agus tá mé thar a bheith sásta go bhfuil an turas isteach ar an oilean aoibhinn stairiuil soe mar chuid de mo chuairt.

- Bhain mé an sult as na himeachtaí ar fad sa Scoil Náisiúnta. Chuir drama na leanaí gliondar ar mo chroí. Moladh more do na daltaí agus do na muinteoirí. Ní miste dom a rá go bhfuil an scoil go hálainn, I bhfad níos deise ná cuid mhor scoileanna ar an mhorthír. Nach iontach an rud é go bhfuil na háiseanna ura teichneolaíochta ar fáil do na leanaí. Bígí cinnte go mbuaileann sibh isteach ar website Áras an Uachtaráin. Beidh mé ag suil libh. B’fhéidir nach bhfaighidh sibh cupán tae, ach gheobhaid sibh céad míle fáilte.

- Tá páirt mhor ag muintir na n-oileán I saol culturtha na tíre seo. Tá mé ag smaoineamh ar phéintéirí Thoraigh, ar na fílí as Árainn, ar na scríbhneoírí on Bhlascaod Mór, ach tá mé ag smaoineamh go speisialta ar bheirt on oileán álainn seo: Conchúr O Síocháin a scríobh “Seanchas Chléire” agus Donncha Shéamais Ó Drisceoil a scríobh “Aistí ó Chléire”. Gura fada buan a gcáil.

- Is léir óna bhfuil cluinte agus feicthe agam inniu gur pobal beo beathach sibh muintire Chléire. Tá sibh féin agus na heagrais stáit ag tarraingt go maith le chéile, agus tá borradh faoin oileán da bharr. Is fíor don seanfhocal: “Ní neart go cur le chéile”. Tá timpeallacht agus achmhainní nádurtha faoi leith agaibh anseo. Tá an t-oileán mar a bheadh seod ann. Molaim sibh as é a choinneail snasta. Nár laga Dia sibh, a mhuintir Chléire.

- Go raibh maith agaibh.