ORÁID AN UACHTARÁIN, MARY ROBINSON, DO SLÓGADH I LOCH GARMAN, 10 AIBREÁN 1994
ORÁID AN UACHTARÁIN, MARY ROBINSON, DO SLÓGADH I LOCH GARMAN, 10 AIBREÁN 1994
Tá todhchaí gach náisiún ag brath ar an aos óg. Nuair a smaoiním ar na mílte a ghlac páirt sa bhFéile Náisiúnta anseo i Loch Garman, agus, ar ndóigh, ar na mílte eile fós a ghlac páirt ar fud na tíre, is léir go bhfuil bonn láidir á chur faoinár dteanga dhúchais ag imeachtaí ar nós SLÓGADH. Cuireann sé gliondar ar mo chroí go bhfuil cumas Gaeilge ag an méid sin daoine óga agus fonn orthu í a labhairt. Is gearr go bhfeicfidh muid ar fad ar an teilifís iad - teilifís na Gaeilge!
Tá Gaeilge tábhachtach, go háirithe mar gheall ar an ról atá againn san Eorap. Is maith an rud ár bhféiniúlacht féin a bheith againn agus Gaeilge a úsáid mar chomhartha dár náisiúnachas agus muid ag taisteal na cruinne. Sí ár dteanga álainn féin í. Faoi cháisc anuraidh agus arís i mbliana bhí deis agam féin, mo fhear céile agus mo chlann laetha saoire a chaitheamh ar Inis Meáin agus cuairt a thabhairt ar Inis Óirr. Thug sé pléisiúr ar leith dúinn Gaeilge a chloisteáil á labhairt go nadúrtha thart orainn i ngach áit.
Is mór an ocáid cheiliúrtha í seo - an cúigiú SLÓGADH ar fhichid - agus ba cheart go mbeadh Gael-Linn bródúil as a bhfuil bainte amach sa tréimhse fada sin. D'aithníodar ón tús go raibh gá le fóram taitneamhach a thabharadh deis don aos óg teacht le chéile agus an Gaeilge a labhairt trí mheán na healaíona, mar drámaíocht, filíocht, dearadh, mím agus mar sin de.
Mar chríoch, ba mhaith liom a rá go bhfuil ár mbuíochas ag dul do na hiomaitheoirí go léir ag gach leibhéal den chomórtas, dá dtuismitheoirí agus dá muinteoirí. Níl fágtha le déanamh agam anois ach na duaiseanna a bhronnadh orthu siúd a bhain ardghradaim amach ag SLÓGADH naocha ceathair agus déanaim é sin le toil agus le fonn.