Leabharlann na Meán

Óráidí

Óráid an Uachtaráin Bronnadh dhuaiseanna Ghlór na nGael Óstán Chúirt na Mainistreach

Óráid an Uachtaráin Bronnadh dhuaiseanna Ghlór na nGael Óstán Chúirt na Mainistreach, Aonach Urmhumhan

A chairde,

Bhí áthas an domhain orm nuair a fuair mé an cuireadh ó Choiste Stiúrtha Ghlór na nGael bheith mar éarlamh ar an chomórtas seo, agus tá mé fíor-bhuíoch dóibh as an chuireadh a thug siad dom teacht anseo inniu chun na gradaim na bhronnadh.

Tá borradh faoin teanga san am i láthair nach raibh ann le fada fada an lá. Feicim fógraíocht i nGaeilge anois, agus mé ag taisteal na tíre, in áiteanna nach mbeadh duine ag súil leis deich mbliana ó shin. Léiríonn an daonáireamh is deireannaí go bhfuil breis agus milliún go leith duine sa tír ábalta an teanga a labhairt, agus breis agus trí chéad caoga míle duine á labhairt go laethúil. Tréaslaím le Glór na nGael as an ról nach beag a bhí acu, agus atá acu, i slánú agus i bhforbairt seo na Gaeilge.

Tá Glór na nGael ar an saol anois le breis agus cúig bliana is tríocha, agus is mór an chúis bhróid domsa go raibh mo chomh-Ultach agus mo chara, An Cairdinéal Tomás Ó Fiaich, i measc na mbunaitheoirí. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal. Tá mé cinnte go bhfuil Tomás iontach mórtasach inniu as an éacht atá déanta ag Glór na nGael ar fud na tíre. Is mó fós mar éacht é nuair a smaoiníonn muid gur le croí maith mór agus go deonach a dhéanann na coistí an obair seo. Molaim go mór sibh.

Tugann comórtas Ghlór na nGael spreagadh don ghnáthdhuine an teanga a chur chun cinn i measc an phobail. Is é an manna atá ag Glór na nGael ná “Tóg do phobal le nasc na Gaeilge”.

Tuigeann muid uaidh seo gur leis an phobal an teanga agus go bhfuil an teanga ag brath ar an phobal.

Bíonn iomaíocht ghéar sa chomórtas seo gach bliain, agus ní gan dua a bhaintear na duaiseanna. Maithfidh sibh dom má dhéanaim tagairt anseo don dá chondae is gaire do mo chroí: Condae Aontroma, áit a rugadh mé agus Condae an Dúin, áit a rugadh mo chlann. Chuireann sé gliondar ar mo chroí go bhfuil duaiseanna bainte ag coistí as an dá chondae sin: moladh beag pearsanta do mhuintir Bhaile Uí Mhurchú, Dhún Lathaí agus Chaisleáin Uighlín. Nár laga Dia sibh.

Ach gan dabht ar bith tá gaisce déanta ag pobal an Aonaigh a bhain príomhdhuais Ghlór na nGael i mbliana. Is mór an tionchar a bhí ag Pádraig Ó Meara, nach maireann, ar shaol na Gaeilge ar an bhaile seo. Ní amháin go bhfuil daltaí Ghaelscoil Aonach Urmhumhan ag súil go mór le dul isteach is scoil bhreá úr san fhómhar, ach tá oideachas trí Ghaeilge le fáil anois ón naíonra go dtí an Ard Teist. Tá obair mhór ar siúl ag “Tiobraid Árann ag Labhairt” ag cur áiseanna teagaisc ar fáil, agus tá Dún Mhuire a chóiriú mar ionad cultúrtha. Tá saol iomlán sóisialta ar fáil trí Ghaeilge ar an Aonach, a bhuíochas sin do Cheoltóiri an Aonaigh, An club Rince agus Aisteoirí an Aonaigh.

Mar fhocal scoir, is mór an spreagadh agus an chúis mhisnigh dom féin, agus mé i mbun feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge, méid atá feicthe agus cluinte agam anseo ar an Aonach inniu. Go maire sibh bhur ngradam.