Leabharlann na Meán

Óráidí

Óráid an Uachtaráin Bronnadh Dhuaiseanna Ghlór na nGael 27 Márta 1999

Óráid an Uachtaráin Bronnadh Dhuaiseanna Ghlór na nGael 27 Márta 1999

Tá lúcháir orm bheith anseo libh inniu chun duaiseanna Chomórtas Ghlór na nGael a bhronnadh ar na coistí éagsúla, agus Trófaí Ghlór na nGael 1998 a bhronnadh ar Choiste Ghlór na nGael Ráth Cairn. Mo bhuíochas do Choiste Stiurtha Ghlór na nGael as an chaoinchuireadh a thug siad dom bheith i bhur dteannta. Tugann an Príomhdhuais aitheantas don phobal a rinne an iarracht is fearr, i mbarúil na moltóirí, chun an Ghaeilge a chur chun cinn ina cheantar féin. Tá éachtanna á ndéanamh ag go leor daoine i gcuid mhór áiteanna ar son na Gaeilge, agus gradam tuillte acu dá mbarr. Ach tá mé cinnte nach mór leo é do phobal Ráth Cairn an duais mhór a bhreith leo i mbliana, mar is leir go bhfuil an t-uafás bainte amach ag pobal an cheantair seo, ní amháin le bliain anuas, ach le blianta fada, i dtaca le caomhnú na Gaeilge agus an chultúir dhúchais. Leagann Comórtas Ghlór na nGael an bhéim ar chomhpháirtíocht pobail. Cé go bhfuil Ráth Cairn ar cheann de na ceantair Ghaeltachta is lú sa tír tá spiorad iontach, féinmhuinín as an ghnách agus tréith na comhpháirtíochta go láidir sa phobal. Tá siad bródúil as a bhféiniúlacht féin agus tá ard-mheas acu ar a n-oidhreacht Ghaelach. Ar ndóigh ní fada a mhairfeadh ceantar beag Gaeltachta mura mbeadh spiorad agus teacht aniar thar an mheán ag na daoine ann. Ní thig liom a bheith cinnte nach é foinse na dílseachta seo dá n-oidhreacht go bhfuil Ráth Cairn mar a bheadh oileán beag Gaelach in Oirthear na tíre, stoite amach i bhfad ón chuid eile den Ghaeltacht.

Tá brú millteanach ar na ceantair Ghaeltachta ar fad sa lá atá inniu ann ón Bhéarla agus ó shaol an Bhéarla, agus tá sé deacair dul i ngleic leis an fhadhb sin. Ina ainneoin seo d’eirigh thar bharr le pobal Ráth Cairn an teanga a choinneáil mar ghléas cumarsáide. Go deimhin tá Ráth Cairn ag iarraidh teacht i dtír ar a shuíomh gar don phríomhchathair trí mhargaíocht a dhéanamh ar an teanga. Ní gá ach strac-fhéachaint a thabhairt ar fhéilire Ráth Cairn agus is léir go mbíonn an iliomad cúrsaí agus imeachtaí cultúrtha agus sóisialta á n-eagrú anseo i rith na bliana.

Tá seanchleachtadh ag muintir Ráth Cairn ar bheith ag tabhairt dúshlán don saol. B’eigean dá sinsir, breis agus trí scór bliain ó shin, saol úr a thógáil ón bhonn aníos, i ngach ciall den fhocal. Ní raibh mórán de mhaoin an tsaoil acu. Ní raibh cleachtadh acu ar na nósanna feirmeoireachta sa taobh seo tíre, áit nach raibh farraige ná cladach. Mar sin féin, chuir siad le chéile agus d’oibrigh siad go dian. Bhí toradh ar a gcuid saothair sa bhliain 1973 nuair a tógadh Ionad Pobail a bhí mar ionad sóisialta agus mar chomhartha suaitheantas araon don phobal dílis seo.

Ag an am céanna cuireadh comharchumann ar bun, agus is é Comharchumann Ráth Cairn a thionscnaigh an chuid is mó den fhorbairt a tharla ó shin i leith – a leithéid is: Áras Pobail agus séipéal nua, Coláiste Gaeilge agus Coláiste Pobail, Éastát Tionsclaíochta, Córas Uisce, Páirce Imeartha agus tograí fostaíochta éagsúla. Tréaslaím a saothar le lucht an Chomharchumainn.

Le blianta beaga anuas tá cuid mhór imeachtaí sóisialta agus cultúrtha á reachtáil sa cheantar: An club Sóisialta, Drámaíocht, Ranganna Ceoil agus Rince. Tá iarracht dháiríre á déanamh chun freastal ar na daoine óga agus chun obair a chur ar fáil dóibh ina gceantar féin. Is féidir a rá gur áit bheag thíriúil í Ráth Cairn, ach is ceantar bríomhar, fuinniúil, tarraingteach é fosta.

Ba mhaith liom tréaslú le gach coiste a bhuaigh duais i gComórtas Ghlór na nGael 1998. Is minic a dúradh cheana é ach ní miste é a rá arís: Is é an chuid is tábhachtaí de chomórtas ar bith a bheith páirteach ann. Tá scaifte mór daoine ó cheann ceann na tíre a bhíonn ag obair go dícheallach, díograiseach ó bhliain go bliain, agus iad gan a bheith ag súil riamh le haitheantas oifigiúil. Mar sin féin is ceart aitheantas a thabhairt don tsárobair seo. Níor mhaith liom an deis a ligint tharam gan comhgháirdeachas a dhéanamh le gach coiste ar fud na tíre as a gcuid saothair ar son na Gaeilge in a gceantair féin, trí pháirt a ghlacadh i gComórtas Ghlór na nGael. Is obair dheonach í seo agus is obair iontach luachmhar í. Tá buíochas mór tuillte ag Glór na nGael féin as an dúthracht lena ritheann siad an comórtas iontach seo.

Mar fhocail scoir, ba mhaith liom comhgháirdeachas a dhéanamh arís le muintir Ráth Cairn, le gach coiste eile a bhuaigh duais sa chomórtas, agus le hachan duine a ghlac páirt ann. Go mbeirimid beo ar an am seo arís.