Leabharlann na Meán

Óráidí

ÓRÁID AN UACHTARÁIN AG FÁILTIÚ AN OIREACHTAIS ÓSTAN JURY’S   LÁ BEALTAINE 1999

ÓRÁID AN UACHTARÁIN AG FÁILTIÚ AN OIREACHTAIS ÓSTAN JURY’S LÁ BEALTAINE 1999

A Thaoisigh, a Ard-Mhéara agus a chairde an Oireachtais.

Mo bhuíochas libh as an chaoin-chuireadh a thug sibh domh agus do m’fhear céile Mairtín bheith anseo libh ag an ócáid stairiúil seo. Chuir sibh fáilte romhainn a bhí fial, fairsing, fior-Ghaelach, agus ár mbuíochas libh as sin fosta.

Is ócáid faoi leith í seo ar bhealaí éagsúla. Trí scór bliain ó shin a bunaíodh an t-Oireachtas athuair agus b’é Céad Uachtarán na hÉireann, Dubhglas de hÍde, a thug an chaint ag an dinnéar an oíche sin. Ba Ros Comáineach é Dubhglas de hÍde, agus is den sliocht uasal sin mise fosta. Rugadh m’athair i bParóiste Chruchain sa chondae chéanna. Is cúis bhróid domhsa é go bhfuil an dá cheangal sin agam leis an chéad uachtarán: dúchas Ros Comáin agus anois nasc an Oireachtais.

Tá beirt anseo linn anocht a bhí i láthair ag an dinnéar sin seasca bliain ó shin ag éisteacht leis an Chraoibhín Aoibhinn, beirt a bhí ar Choiste an Oireachtais sa bhlian naoi déag tríocha a naoi, beirt atá ag saothrú leo go fóill i ngort na Gaeilge. Cuirimis ár mbuíochas agus ár n-urraim in iúl do na ceannródaithe gaiscíocha Éibhlín Ni Chathailriabhaigh agus Brian Ó Cuív. Tá fiche bliain caite agaibh ag fás, fiche bliain eile faoi bhláth agus fiche bliain……………ag déanamh rud éigin eile. Ach anois an dea-scéala! Bíonn Rothaí móra an tSaoil ag síor-chasadh, agus dá réir sin tá sé in am daoibh tosú ag fás arís. Go maire sibh an céad. Tá mé súil leis na seiceanna sin a scríobh.

Agus muid ag caint ar ghaiscí, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do Raidió na Gaeltachta. Is ócáid stairiúil í seo don Stáisiún Náisiúnta Gaeilge. Roghnaigh siad an oíche anocht chun tús a chur lena sceideal úr. As seo amach beidh síneach leis na huaireanta craoltóireachta. Is dóiche gur gearr go mbeidh siad le cluinstin, ní amháin ‘ar fud na tíre’ ach ar feadh na hóiche. Tréaslaím libh agus guím gach rath oraibh.

Ach anocht, thar rud ar bith eile, tá muid ag ceiliúradh athbhunú an Oireachtais. So bhliain ocht déag nócha seacht a bunaíodh ar dtús é mar chuid lárnach d’Athbheochan na Gaeilge. Ón tús mheall sé chuige féin daoine ó gach aicme, ó gach cearn den tír, mná agus fir, Caithlicigh agus Protastúnaigh a raibh grá acu don Ghaeilge agus do chultúr na hÉireann. Sna blianta corraithe ag tús an chéid seo gineadh an síol as a dtáinig Éirí Amach na Cásca agus Cogadh na Saoirse. Bhí lucht an Oireachtais mar dhlúth-chuid den ghluaiseacht seo. I measc na ndaoine a chaith tréimhsí fada ar Choiste an Oireachtais áirím Pádraig Mac Piarais, Tomás Ághas, Cathal Brugha – agus is liosta gan chuntas é líon na laoch a bhí gníomhach in obair an Oireachtais.

Téann stair litríocht na Gaeilge lámh ar láimh le stair an Oireachtais fosta. Smaoiním ar na mór-Scríbhneoirí a bhain duaiseanna agus gradaim Oireachtais thar na blianta: Peig Sayers, Séamus Ó Grianna, Máirtín Ó Cadhain, Eoghan Ó Tuairisc; na filí a scríobh Óideanna an Oireachtais: An Craoibhín féin, Piaras Béaslaí, Séamus Ó hAodha, agus beirt a bhfuil dúil ar leith agam féin ina gcuid filíochta: Seán Ó Ríordáin agus Máirtín Ó Direáin.

Ach tá mé ag smaointiú fosta ar scríbhneoirí, ar amhránaithe, ar rinceoirí agus ar cheoltóirí na linne seo. (Dúradh liom gan dearmad a dhéanamh ar lucht na n-agallamh beirte!) Tá aitheantas cuí á fháil agaibh fá dheireadh, sa bhaile agus is gcéin. Tá sibh ag teacht faoi bhláth, agus creidim go bhfuil dlúth-cheangal ann idir an renaissance cultúrtha seo agus dea-scéala na heacnamaíochta. Tá sé de mhuinín ag muintir na hÉireann anois dul i gcomórtas le duine nó le cine ar bith, agus an bua a fháil.

Sa chéad dá líne den chéad Óid Oireachtais a scríobhadh riamh dúirt Dubhglas de hÍde:

 

“Éireoimid feasta, tá an lá geal ag teacht,

Is ní bheidh muid faoi smacht mar atá muid……..”

 

Tá an lá geal sin níos gaire dúinn anois ná mar a bhí le fada fada an lá. Ní beag an pháirt a bhí ag an an Oireachtas sa scéal seo agus beidh muintir na hÉireann i gcónaí buíoch díbh as an teanga agus an cultúr i gcoitinne a chaomhnú agus a chothú agus a thabhairt slán go deireadh na míleaoise seo.

Go maire sibh.