Leabharlann na Meán

Óráidí

Ócáid Ghrianghrafadóireachta Áras an Uachtaráin   Dé Máirt 30 Meitheamh 10.00 am

Ócáid Ghrianghrafadóireachta Áras an Uachtaráin Dé Máirt 30 Meitheamh 10.00 am

A cháirde

Tá an áthas orm a bheith anseo inniu i measc na n-imreoirí cáiliúla camógaíochta agus cáirde na camogaíochta go léir.

Is spórt í an chamógaíocht atá ag fás i gcónaí. Tá ós cionn seachtó míle imreoir camógaíochta sa tír seo idir gach contae agus an líon seo ag fás i gcónaí.

Bíonn Bord na Gaeilge ag obair chun an Ghaeilge a threisiú i measc an phobail. Tá inchur á dhéanamh ag an mBord le ceithre bliana anuas ag obair go dian le Cumann Camógaíochta na nGael chun an Ghaeilge a chur chun cinn tríd an craobhchomórtas camógaíochta.

Tá traidisiún láidir gaelach ag Cumann Camógaíochta na nGael, agus tá an traidisiún seo á fhorbairt go mór leis an ceangal idir an Cumann agus Bord na Gaeilge.

Is bealach an-éifeachtach é spórt, go háirithe an chamógíocht, chun an Gheilge a fhorbairt. Is bealach éifeachtach é chun úsáid laethúil a bhaint as an nGaeilge go taitneamhach.

Don chéad uair i mbliana beidh an Cluiche Ceannais camógaíochta i bPáirc an Chrócaigh á chraoladh beo ar theilifis. Is mór an ócáid í seo, mar go gcuirfear an chamógaíocht agus ar ndóigh an Ghaeilge faoi bhráid pobal mór na hÉireann.

Beidh mé ag súil leis an gCluiche Ceannais, a bheidh ar siúl ar an nDomhnach an séú lá de mhí Meán Fhómhair.

Go raibh maith agaibh.