Leabharlann na Meán

Óráidí

Dréachtfhocail don Uachtarán Micheál D. Ó hUiginn ag athoscailt Thaibhdhearc na Gaillimhe

Dréachtfhocail don Uachtarán Micheál D. Ó hUiginn ag athoscailt Thaibhdhearc na Gaillimhe 28 Meán Fómhair 2012

Is cúis mhór áthais agus onóra dom a bheith in bhur dteannta anseo tráthnóna ag an ócáid cheiliúrtha seo chun Taibhdhearc na Gaillimhe – Amharclann Náisiúnta na Gaeilge – a athoscailt go hoifigiúil. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do Róisín Ní Dhuigneáin agus do Bhord Stiúrtha na Taibhdheirce as an gcuireadh a fuair mé chuig an ócáid cheiliúrtha seo. Tá mé an-bhuíoch díbhse go léir freisin as an bhfáilte chroíúil a chuir sibh romham.

Tá stair agus samhlaíocht taobh thiar d’ainm na hAmharclainne – Taibhdhearc na Gaillimhe. In eagrán na hirise, An Stoc, i mí Eanáir 1918 scríobh an tOllamh Tomás Ó Máille alt dar teideal “Taibhdhearc do Ghaillimh” inar léirigh sé an gá a bhí le hamharclann Ghaeilge don bhaile mór. Rinne sé an focal ‘Taibhdhearc’ a thabhairt ar ais sa teanga ó ghluais Shean-Ghaeilge mar mhíniú ar an bhfocal Laidine ‘theatrum’ i Leabhar Ard Mhacha san 9ú Céad. ‘Taibh’ agus ‘Dearc’, áit a bhfeictear físeanna, aislingí, taibhsí agus samhailtí.

Labhair mé i m’óráid insealbhaithe mar an naoú Uachtarán ar Éirinn faoin tábhacht a bhain le sochaí idirghabhálach inar féidir le daoine a bheith comhpháirteach agus comhoibriú le chéile chun pobail láidre agus seiftiúla a thógáil. Sa lá inniu agus an bunús bréagach ar gheilleagar amhantrach nochta, agus ár muintir ag fulaingt mar thoradh air sin, is sa chultúrspás Éireannach a lorgaíonn duine an múnla a d’fhéadfadh cuidiú linn amach anseo. Tá sé tábhachtach go leanfaimid de leas a bhaint as an oidhreacht is fearr ón am atá thart. Tá sé tábhachtach freisin ár mianach samhlaíochta a chaomhnú trínár saibhreas cultúrtha ilghnéitheach agus éagsúil a chothú agus is iad na healaíona atá ríthábhachtach sa chúram sin. Is gá go mbeidís lárnach sa bhfís atá againn le go dtiocfaimid slán, agus nach mbraithneofaí orthu mar ghné den saol a bheadh imeallach nó iarmharthach nó ina soilíos i dtráth an tsochmais.

Sa saol a bhí agam roimhe seo, ba é ceann de na tosaíochtaí a bhí agam mar Aire Ealaíon agus Cultúir gréasán saibhir d’ionaid áitiúla ealaíon agus cultúir a bhunú ar fud na tíre a thabharfadh bealach ríthábhachtach isteach ar na háiseanna seo do shaoránaigh ar fud na hÉireann. Ba cheist cearta domsa ba ea bunú Theilifís na Gaeilge, TG4 anois, ach ba chéim thábhachtach é freisin i gcruthú spáis bhreise don Ghaeilge san earnáil phoiblí. Bhí an-áthas orm a bheith i láthair i mbliana nuair a bhí insititúidí tábhachtacha cultúir ag ceiliúradh comórthaí tábhachtacha. Bhí an Chomhairle Ealaíon 60 bliain ar an bhfód i mí Feabhra agus rinne Raidió na Gaeltachta ceiliúradh ar an chéad 40 bliain aige i mí Bealtaine.

Tá áthas orm a bheith anseo anocht le ceiliúradh a dhéanamh ar athoscailt na hamharclainne seo atá fós in óige tar éis 84 bliana. Tá an Taibhdhearc tar éis páirt lárnach a ghlacadh i gcaomhnú agus i gcur chun cinn saothar cultúrtha na nglúnta a d’imigh romhainn — scríbhneoirí, filí, drámadóirí, cumadóirí, amhránaithe agus aisteoirí. Agus muid ag seoladh caibidil nua i stair na hamharclainne anseo anocht, is ceart go gcuimhneoimid ar chuid de na tréimhsí tábhachtacha i saol na hinstitiúide náisiúnta seo.

Thug an Dr Séamus Ó Beirn, an tOllamh Liam Ó Briain agus an tAth Tomás Ó Ceallaigh — mórphearsaí cultúir iad féin i nGaillimh na linne — tacaíocht láidir don smaoineamh go mbunófaí amharclann Ghaeilge sa chathair seo. Sa bhliain 1927 d’éirigh leis an Ollamh Ó Beirn tacaíocht a fháil ó Earnán de Blaghd, Aire Aigeadais na linne, a bhí ar bís le hardghradam a bhaint amach don Ghaeilge sa stát nua.

Bunaíodh an Taibhdhearc i nGaillimh i 1928 agus é mar chuspóir aige an drámaíocht a chur chun cinn trí Ghaeilge, agus d’fhan sé dílis dhó sin ó shin i leith. Chuaigh an tOllamh Ó Briain chun cainte le Micheál Mac Liammóir féachaint an mbeadh spéis aige a bheith ina stiúrthóir ar an amharclann nuabhunaithe. Mar thoradh air sin seoladh an Taibhdhearc an 27 Lúnasa 1928 le dráma eipiciúil Mhic Liammóir Diarmuid agus Gráinne. Seo an cur síos a bhí ag Micheál Mac Liammóir féin in a leabhar ‘Ceo Meala Lá Seaca’. Tá sceala ar an bplé a bhí eatarthu:

“Cupla seachtain ina dhiaidh sin agus muid i nGaillimh dúirt bean an tí mar a rabhmar ag cur fúinn go raibh duine uasal thíos sa seomra ite agus gur mhian leis mé fheiceáil. Chuas síos chuige, agus bhí Liam ó Briain os mo chómhair amach. Níor casadh liom é ach aon uair amháin eile nuair bhí mise i mo stócach i mBaile Átha Cliath, ach chuimhnigh mé ar an bpearsanacht ghairbh ghlíondaraigh ghroí úd aige, ar a chuid gruaige álainn ar dhath an airgid, ar an scairt tobainn gháire tormánaigh ligeadh sé as ó am go ham, agus ar na súile aisteacha úd, leath-bhrónach, leath-fhíochmhar, súile bhíodh de shíor ag faire ar rud contúirteach éigin ach a bhí san am céanna lán de bhrionglóidí, mar bheadh súile cime iontu. Ón la sin i nGaillimh go dtí an lá inniu tá Liam ar na cairde is dílse dá bhfuil agam: sárscoláire atá ann, agus an croí is fairsinge ar domhan. Chaitheamar fiche nóiméad nó sin i bhfocair a chéile agus lasc mise liom ansin amach as an seomra le Hilton bhaint amach.
‘Tara uait anuas go gcuirfidh tú aithne ar Liam ó Briain na hIolscoile, arsa mise. Mise is tusa – táimid le amharclann Ghaeilge chur ar bun i nGaillimh.’
Is ar éigin d’fhéadas éisteacht mo dhá chluas chreidiúint. Amharclann. Amharclann in Éirinn. Agus amharclann Ghaeilge freisin – ní hea, níorbh gurbh fhíor é. Hosclaíodh doras im aigne agus chonaic mé domhan nua gan teora”.

Seo mar a rinne Micheál Mac Liammóir cur síos ar oíche na hoscailte, an 27 Lúnasa 1928:
“Tháinig an chéad oiche de Dhiarmaid agus Gráinne faoi dheireadh. An-oíche bhí ann. Bhí a lán de Theachtaí Dála Éireann i láthair, Earnán de Blaghd agus cuid mhaith eile, agus bhí Seosaimhín Bean mhic Néill ann agus í ag féachaint go ríoga is go sciamhach gona gúna ar dhath an airgid bháin, gona slabhraí fada de phéarlaí, is gona cuid gruaige troime órbhuí. Bhí súile áille glasghorma inti agus guth doimhin ceolmhar roinnt tirim. Bean fhíoraoibhinn fhíorthuisceannach í, agus cara bhuan dílis.”
Bhí Gaillimh le bheith ina láthair ríthábhachtach i bhforbairt an bhonneagair do chur chun cinn na Gaeilge. Sa bhliain 1929 leagadh freagracht ar leith ar ollscoil na cathrach maidir le hoideachas ollscoile trí Ghaeilge a fhorbairt agus tugadh tacaíocht don ollscoil chuige sin. Chomh maith leis sin, bhí an t-ionad airm ba mhó san Iarthar, Dún an Rinne Móire, le ‘gaelú’ freisin. D’fhás ceangal buan idir na trí thionscnamh teanga sin, ceangal a chuaigh chun sochair do na trí cinn acu. Leanadh leis an gceangal a bhí ag bunaitheoirí na hamharclainne leis an ollscoil sa mhéid is gur ghlac foireann agus mic léinn na hollscoile páirteanna éagsúla san amharclann thar na blianta.

Ní raibh bunaitheoirí na Taibhdheirce i gcónaí ar aon intinn maidir le misean na hamharclainne. Theastaigh ó Liam Ó Briain go ndéanfaí aistriúcháin Ghaeilge den chuid ab fhearr de dhrámaí na hEorpa agus go gcuirfí ar stáitse sa Taibhdhearc iad. Ba í an tuiscint a bhí ag an Ollamh Ó Beirn ar ról na hamharclainne nua, áfach, go gcothódh sí drámaíocht a mheallfadh an pobal níos mó, go háirithe, bundrámaí i nGaeilge, agus i bhfoirm a bheadh níos gaire d’fhorbairt orgánach ar ‘dhaon-amharclannaíocht’.

Scríobh Micheál MacLiammóir féin ar an ábhar seo ina aiste i 1940 ‘Drámaíocht Ghaeilge san Am atá le Teacht’. Bhí sé i bhfabhar an Eispreisiúnachais agus leag sé síos sampla agus i ndáiríre – dúshláin:
“Ta an brat in airde anois, agus táimid ag breathnú ar an stáitse. Tá sé faoi réir, abraimis, i gcomhar an radhairc mhóir sin na Stailce Oibre i ndráma dar teideal Gas le Georg Kaiser – sampla breá den Eispreisiúnachas. Na daoine dorcha taibhseacha úd gona súile soilseacha, na guaille láidre fearga úd atá geal lonrach faoin allas, cloiginn bhrónacha chromtha úd na mban. An solas borb bán agus na scáileanna borba uaithne. An bualadh millteach úd ar an droma, broidiúil, míthrócaireach, bagarthach – cé an chiall atá leis na rudaí seo go léir? Na guthanna garbha bhíos le cloisteáil ó am go ham, an tost tobann, na gártha arda caola, an plub-plab sin na gcos i gcéin. Aghaidh bhán chráite úd na mná atá ag caint, na focla fiánta á spreagadh ag na fir leath-nochta – céard tá said a rá? An féidir a thuiscint? Má bhíonn foighid againn, má bhreathnaímid agus má éistimid sách fada, gheobhaimid luach ár saothair. Tá an radharc seo i ndon anam agus intinn agus croí an Éirí Amach, an Chogaidh idir na hOibritheoirí agus na Máistrí, an Comhrac idir an Saothar agus an Caipiteal, do chur in iúl dúinn níos breátha níos iomláine ná mar d’fhéadfadh aon iarracht grianghrafach ar phictiúir dhathú den tsaol bheadh á chaitheamh i monarchain áirid sa nGearmáin mar a mbeadh na hoibritheoirí ag éirí amach mar gheall ar a gcuid páighe nó a leithéid. Osclaíonn sé súile ár n-intleachta ar anró is ar thrioblóid chuile mhonarchain sa domhan seo, ar gach a bhfuil de chumas is de chumhacht uafásaigh ag baint le foirm shibhialtachta atá ró-mheasíneach, is ar anam an chine dhaonna ag iompó in aghaidh na máistrí agus lucht an airgid.
Ba cheart go ndéanfadh lucht na drámaíochta Gaeilge staidéar ar an modh seo an Eispreisiúnachais, agus go mbainfidís triall as.”
Faoi mar a tharla, freastlaíodh ar an dá chuspóir ar bhealaí éagsúla agus trí fhoirmeacha a tháinig chun cinn le forás na hamharclannaíochta. Ó bunaíodh é tá an Taibhdhearc tar éis aistriúcháin den chuid is fearr de dhrámaíocht na hEorpa a chur ar stáitse agus ag an am chéadna tá ardán tugtha do dhrámadóirí dúchasacha. Go deimhin, rinneadh coimisiúnú ar shaothar ar leith ó na drámadóirí i roinnt cásanna.

Le blianta anuas chuir an Taibhdhearc roinnt mhaith aisteoirí, stiúrthóiri agus drámadóirí fiúntacha faoi bhráid an phobail, leithéidí Frank Dermody, Walter Macken, Máirtín Ó Direáin, Seán McGlory, Siobhán McKenna, Frank Bailey, Cyril Mahony, Seán Duignan, Mick Lally, Micheál Ó Conaola agus Joe Steve Ó Neachtain. Is ceart agus is cóir go n-aithneoimis anocht freisin a oiread sin daoine atá tar éis cur go mór le saol ealaíonta na Gaillimhe, daoine mar Seán agus Máire Stafford, Dick Byrne, Colette Heaney, Maighréad Concannon agus Johnny Horan, gan trácht ar an iliomad eile acu.

Sa bhliain 1977 cheannaigh Bord na Taibhdheirce an amharclann ó na hAgaistínigh, agus rinneadh athchóiriú iomlán ar an bhfoirgneamh. Sa bhliain chéanna bhí an chéad léiriú i nGaeilge ar cheoldrámaíocht chlasaiceach ann nuair a cuireadh Cosi Fan Tutti le Mozart ar an stáitse, agus é aistrithe go cumasach ag Máire Stafford le teacht le nodaireacht an cheoil. Ó shin i leith tá ceol agus ceoldrámaíocht mar chuid tábhachtach de repertoire na hamharclainne. Cuid mhaith de cheol na ndrámaí a léiríodh in imeacht na mblianta, is é stiúrthóir ceoil na hoíche anocht, Tom Cullivan, a chum.

Rud nuálach amach is amach ag an am ba ea an coinceap, Seoda, cabaret samhraidh ina raibh drámaíocht, rince agus ceol, a cheap Dick Byrne mar shiamsaíocht do thurasóirí, agus b’shin i bhfad sular tháinig Riverdance ar an bhfód. Ní geimhreadh gan geamaireacht i saol na Taibhdheirce, rud a spreag páistí an Ghaeilge a úsáid i dtimpeallacht a bhí pléisiúrtha agus taitneamhach.

Compántas amaitéarach a bhí san amharclann go dtí 1999 nuair a leag an Bord síos polasaí nua ealaíne a chinntigh go mbeadh gach léiriú curtha ar bun ar chaighdeán lánghairmiúil. Thug an straitéis seo deis chruthaíoch, ní hamháin do chainteoirí dúchais a raibh ardchumas aisteoireachta iontu, ach do dhaoine a raibh scileanna acu i léiriú agus i ndearadh amharclannaíochta freisin.

Is gá aitheantas a thabhairt do dhíograis agus do ghraíúlacht na mbord a riar an amharclann go deonach ó thús – a bhuíochas dóibh sin mhair an Taibhdhearc, agus ar lean sí uirthi ag cothú na haidhme a bhí aici ó thús ach ag an am céanna á cur féin in oiriúint do thimpeallacht shóisialta agus chultúrtha a bhí ag athrú de shíor. Bhí teannas forásach agus díospóireachtaí bríomhara ann ó thráth go chéile le linn na tréimhse sin ach ní dheacthas ar strae riamh ó phríomhchuspóir na hamharclainne bhí na baill dílis i gcónaí do mhisean bunaidh na Taibhdheirce agus chinntigh sé sin comhintinn agus comhiarracht.

Ba mhaith liom ag an bpointe seo buíochas a ghabháil leis an mbord agus leis an bhfoireann bhainistíochta atá ann i láthair na huaire faoi mhaoirseacht dhúthrachtach Róisín Ní Dhuigneáin, Noeleen Boylan agus Freda Nic Giolla Chatháin. Ba dhíograiseach agus ba dhílis don Taibhdhearc iad, go háirithe le blianta beaga deacra anuas.

Faoi mar is eol daoibh, scrios tine an foirgneamh go dona sa bhliain 2007. Ach in áit géilleadh don mbuille marfach, ghlac an Bord leis an mbuille mar dhúshlán, mar dheis chun plean straitéiseach a chur le chéile don Taibhdhearc. Ba é a thús sin athchóiriú iomlán a dhéanamh ar an bhfoirgneamh sa chaoi is go mbeadh sé feiliúnach mar lárionad ealaíne sa 21ú aois. Anocht feicimid torthaí na gceithre bliana crua sin, ina raibh idirbheartaíocht airgeadais, pleananna tógála agus bailiú airgid gan stad gan staonadh. Ach is é a thoradh sin anois an amharclann iontach seo a bheith ar fáil do gach pobal ar mian leo drámaíocht na Gaeilge a chur chun cinn.

Is cúis áthais, agus go deimhin, cúis phribhléide dom Taibhdhearc na Gaillimhe agus í athchóirithe go hálainn a athoscailt anocht. Déanaim comhghairdeas libh uilig a raibh baint agaibh leis an tionscnamh speisialta seo a thabhairt chun críche, go háirithe an bord agus an fhoireann bhainistíochta a luaigh mé níos luaithe agus an fhoireann tógála freisin as a n-ardchaighdeán a bhain siad amach. Is gá aitheantas a thabhairt freisin don chúnamh flaithiúil airgid a fuarthas ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Mar fhocal scoir, déanaim comhghairdeas ó chroí libh go léir as an obair éachtach atá curtha i gcrích agaibh ar athchóiriú na hamharclainne seo agus go raibh macalla le cloisteáil ón ardán breá seo ar feadh na mblianta amach romhainn. Is le gliondar mór a fhógraím go bhfuil Taibhdhearc na Gaillimhe athoscailte go hoifigiúil agus tá mé ag súil go mór le taispeántas ealaíonta na hoíche anocht. I 1945, scríobh Micheál MacLiammóir féin ina aiste ‘Falaing Arlaicín’:

“Gach oíche dá siúlann aisteoir ar an stáitse dar leis gurb í an chéad oíche atá ann. Gach uair dá n-éiríonn an brat in airde ar chúl an fhráma diamhraigh úd a dtagann na Francaigh le Manteau d’Arlequin – Falaing Arlaicín – air, eachtra atá ann: oscailt an dorais ar an domhan do-aithnid ata ag fanacht linn. Maidir le amharclainn na hÉireann, bíodh a cuid oibre á déanamh aici i nGaeilge nó i mBéarla, páiste atá inti fós. Fáiltímis roimh na laethanta atá roimpi amach, roimh neart is roimh uaisleacht an ama atá le teacht!”

Guím rath agus beannacht ar Thaibhdheach na Gaillimhe do na blianta atá le teacht.

Go raibh míle maith agaibh go léir.