Leabharlann na Meán

Óráidí

DRÉACHT-CHAINT: UACHTARÁN NA hÉIREANN: CASLA 14 MÁRTA,1997

DRÉACHT-CHAINT: UACHTARÁN NA hÉIREANN: CASLA 14 MÁRTA,1997

A Chairde atá bailithe anseo le chéile i gCasla, agus a phobal na hÉireann,

Cuireann sé an-áthas ar fad orm a bheith tagtha in bhur measc ar an ócaid seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar chúig bliana fichead de chraoladh Raidió na Gaeltachta.

Nuair a thosaigh an stáisiún seo ag craoladh an chéad uair sa bhliain 1972 ní dócha gur thuig aon duine beo an méid dul chun cinn a dhéanfaí i rith na mblianta a bhí roimh an stáisiún amach - stáisiún a thosaigh agus a bhí fréamhaithe don chuid is mó sna ceantair Ghaeltachta ar an imeallbhord thiar.

Is iontach an misneach agus an dul chun cinn a bhain leis na daoine a bhunaigh Radió na Gaeltachta an uair úd mar nach raibh a leithéid de stáisiún in aon áit eile san am. Fiontar de chineál nua ar fad ab ea é. Ar ndóigh d'fhás an stáisiún as éileamh agus as mianta an phobail agus bhí feachtas leanúnach ann á lorg, ach fós féin is cinnte gur bhníomh creidimh agus muiníne i bpobal na Gaeilge a bhí sa chinneadh rialtais a thug Raidió na Gaeltachta dúinn. Ba chóir a bheith buíoch dóibh sin a rinne an cinneadh agus do gach aon duine a raibh lámh acu i mbunú agus i riaradh an stáisiúin ó shin i leith, Radio Telefís Éireann san áireamh.

Cúis bhróid againn mar a d'éirigh le Raidió na Gaeltachta, stáisiún atá anois ag craoladh ar fud na tíre ón gceannáras anseo i gCasla, ó na príomhstiúideonna réigiúnda i gCorca Dhuibhne agus i dTír Chonaill, agus go deimhin ó Bhaile Átha Cliath agus ó Chaisleán an Bharraigh i mo chontae dúchais féin. Tá a leithéid de chraoladh deacair agus casta sa lá atá inniu ann, ach éacht glan ab ea é tráth bunaithe Raidió na Gaeltachta i 1972. Is iontach an ní go bhfuil an córas cumarsáide seo againn i nGaeilge agus cuireann sé gliondar ar leith ormsa go mbíonn cuid éigin den chraoladh sin le cloisint ar fud na hEorpa agus i Meiriceá Thuaidh ar chórais shaitilíte.

Labhair mé go minic faoin diaspora Éireannach. Is chuige sin an coinneal san fhuinneog in Áras an Uachtaráin: Cibé áit a dtéann an tÉireannach, is in ithir na muintire anseo atá ár ndúchas. Is as a d'fhásamar. Tá tábhacht agus fiúntas sa Ghaeilge, ní hé amháin mar shiombal dár bhféiniúlacht ach, ina theannta sin, mar nasc láidir agus mar cheangal eadrainn mar Éireannaigh.

Luaigh mé cheana gur cheart a bheith buíoch de gach duine a raibh lámh acu san obair. Ba mhaith liom cur leis sin toisc go mbíonn an baol ann le meán ar nós an raidió nach dtabharfaí aitheantas ach do na daoine sin a bhíonn os chomhair an phobail, na daoine sin a bhíonn le cloisint ag an bpobal ar an aer. Obair an raidió, is obair í a bhaineann le foireann agus braitheann toradh na hoibre sin ar an obair a dhéanann gach ball den fhoireann sin. Táimid faoi chomaioin ag na craoltóirí féin, ach ina theannta sin táimid faoi chomaoin mar a chéile ag na rúnaithe, ag na teicneoirí, ag na bainisteoirí, acu sin a riarann an córas ar fad agus a choinníonn an córas ag feidhmiú le craolta stiúideo agus le craolta seachtracha. Molaim iad ar fad.

Tá an-áthas orm go raibh ar mo chumas a bheith anseo inniu agus go bhfeicim lucht Raidió na Gaeltachta anseo mar aon lena gcairde, agus go deimhin is maith liom go bhfuil Cathaoirleach Údarás RTÉ agus baill d'Ard-bhainistíocht RTÉ anseo chomh maith. Léiriú é ar an meas atá ar Raidió na Gaeltachta, agus is maith liom chomh maith go bhfuil roinnt d'ionadaithe tofa an phobail ag ceiliúradh inár dteannta.

Tá an ceiliúradh cúig bliana fíchead ag Raidió na Gaeltachta ag tosú inniu agus, as seo go Cáisc, tá sé i gceist cláracha speisialta a chraoladh mar aon le hathchraoladh ar roinnt de na seoda a craoladh cheana ó bunaíodh an stáisiún.

Tá leabhar ceiliúrtha breá agus dlúthcheirnín ceiliúrtha á seoladh anseo inniu, léiriú eile ar an éacht oibre atá déanta ag Raidió na Gaeltachta. Chuir sé gliondar orm teachtaireacht a sheoladh ó Áras an Uachtaráin fá choinne an leabhair agus tá mé cinnte go mbainfidh mé taitneamh as an leabhar féin a léamh anois agus as éisteacht leis an dlúthcheirnín.

Molaim lucht an raidió agus guím gach rath ar na himeachtaí eile atá beartaithe acu don cheiliúradh seo... agus go deimhin ar obair an raidió sna blianta romhainn.