Leabharlann na Meán

Óráidí

AITHEASC AN UACHTARÁIN, MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA   AR ÓCÁID A CUAIRTE AR GHAELSCOIL

AITHEASC AN UACHTARÁIN, MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA AR ÓCÁID A CUAIRTE AR GHAELSCOIL AONACH URMHUMHAN AR 4 IÚIL, 1998

Thug sé an-áthas dom glacadh leis an gcuireadh ó Choiste Stiúrtha Ghlór na nGael a bheith mar éarlamh ar an gcomórtas agus a theacht anseo go dtí an tAonach inniu chun na gradaim a bhronnadh.

- Is léir go bhfuil níos mó daoine ag labhairt na Gaeilge ó bhliain go bliain agus tá cruthú le fáil san tuarascáil is déanaí maidir leis an daonáireach náisiúnta i 1996 a léiríonn go bhfuil thart ar mhilliún go leith duine sa tír atá ábalta Gaeilge a labhairt agus go bhfuil breis agus 350,000 duine ag labhairt Gaeilge go laethúil.

- Tá Glór na nGael ar an bhfód anois le breis agus 5 bhliain is tríocha (35 bliain) agus is mór an chúis bhróid domsa go raibh mo chomh-Ultach an Cardinéal Tomás Ó Fiaich i measc lucht a bhunaithe. Tá mé cinnte go mbeadh Tomás bródúil inniu as an méid atá bainte amach ag Glór na nGael ar fud na tíre.

- Is comórtas é Glór na nGael a thugann deis do ghnáthdhaoine na tíre an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail. Tugann mana Ghlór na nGael “Tóg do phobal le nasc na Gaeilge” le fios gur leis an bpobal an teanga agus go bhfuil an teanga ag brath ar an bpobal.

- Is mór an éacht oibre a dhéanann coistí Ghlór na nGael ó cheann ceann na tíre, ach is mó fós mar éacht é nuair a smaoinimid gur obair dheonach ar fad atá i gceist agus molaim go hárd sibh.

- Mar a chloisim bíonn iomaíocht mhór sa chomórtas gach bliain agus ní go héasca a bhain aon ghrúpa a tháinig ar an árdán duais amach. Is mó mar sin mar éacht an phriomhdhuais a bhaint amach mar a rinne an tAonach. Is léir go bhfuil tionchar obair Phádraig Ó Meara, nach maireann, le feiceál inniu ar an mbaile seo. Tá oideachas trí Ghaeilge le fáil ó aois an naíonra go dtí an Ard Teist, agus tá na páistí ag súil go mór le dul isteach san Ghaelscoil nua sa bhFómhar. Tá éacht oibre ar siúl ag Tiobraid Árann ag Labhairt ag cur áiseanna teagaisc ar fáil. Táthar i mbun cóiriú Dún Mhuire – mar Ionad Cultúrtha – agus bíonn imeachtaí ar siúl ann go rialta. Is léir go bhfuil saol sóisialta iomlán trí Ghaeilge ar fáil ar an mbaile seo a bhuíochas sin do Cheoltóirí an Aonaigh, An Club Rince agus Aisteóirí an Aonaigh.

- Mar fhocal scoir is mór an mhisneach dom fhéin agus mé ag cur feabhas ar mo chuid Gaeilge an méid atá feicthe agus cloiste agam san Aonach inniu. Go maire sibh bhur ngradam.