Leabharlann na Meán

Óráidí

AITHEASC AN UACHTARÁIN AGUS DÚISEANNA GLÓR NA nGAEL Á BHRONNADH AICI I SCOIL NAITHÍ AR 12 MÁRTA 1995

AITHEASC AN UACHTARÁIN AGUS DÚISEANNA GLÓR NA nGAEL Á BHRONNADH AICI I SCOIL NAITHÍ AR 12 MÁRTA 1995

-       Tá me fíor-bhuíoch díbh gur thug sibh cuireadh dom teacht go dtí An Amharclann álainn seo i gCeanntar Naithí chun duaiseanna Ghlór na nGael a bhronnadh.  Ní hé seo an chéad uair anseo mé.  Bhí mé anseo cheana nuair a d'oscail mé an naíonra álainn anseo le mo thaobh.  Cloisim go bhfuil Mamailíní bunaithe agaibh ó shoin.  Mamailíní - "toddlers" nó "waddlers" as Béarla - Sin é an t-ainm atá agaibh ar na grúpaí nua máithreacha agus aithreacha! agus leanaí a thagann le chéile anseo gach seachtain chun Gaeilge a chleachtadh.  Sin í an aois is fearr chun Gaeilge a chleachtadh, nuair is "toddler" tú.  Beidh sé níos éasca ansin nuair a bheidh tú ag teacht ar ais anseo mar Uachtarán!  Deirtear freisin go raibh cúpla leanbh ag teacht anseo sular rugadh iad!  Tá sé sin níos fearr arís!

-         Tá mé bródúil ag an obair dheonach atá ar siúl agaibhse agus ag grúpaí eile ar fud an tíre.  Is breá liom an deis seo a bheith agam mar Uachtarán na hÉireann, aitheantas a thabhairt do luchmhaireacht na hoibre seo.  Cuirim fáilte roimh na buaiteoirí atá anseo ó gach áit sa tír.  Cuirim fáilte ar leigh roimh na buaiteoirí ó Thuaisceart Éireann, ó Machaire Rátha, Dún Lathaigh, Oileán an Ghuail, Doire agus Béal Feirste Thiar.  Is breá liom freisin nach bhfuil Glór na nGael ag déanamh dearmad ar an diaspora Éireannach atá ar fud an domhain.  Deirtear liom go bhfuil sé i gceist ceangal cultúrtha agus teanga a bheith ag Glór na nGael leo.  Tabharfaidh an ceangal seo misneach sóibh agus stádas don teanga.  Mar a dúirt mé san Oireachtas le déanaí:

"Is le pléisiúr agus le bród a éistim le Gaeilge á labhairt i dtíortha eile; agus tugann sé pléisiúr dom freisin nuair a chloisim rithimí ár n-amhrán agus ár bhfilíochta á nglacadh chucu féin ag teangacha agus traidisiúin eile"

-         Déanaim comhghairdeachas libhse a mhuintir Naithí; tá an duais mhór buaite agaibh i mbliana.  Déanaim chomhghairdeachas freisin leis na grúpaí eile ar fad.  Beidh lá eile agaibhse chun an duais mhór a thabhairt abhaile libh.  Tá dea-shampla á thabhairt agaibh ar fad san obair bhreá seo atá ar siúl agaibh.  Agus anois tá an-áthas orm na duaiseanna a bhronnadh.

-         Go raibh míle maith agaibh.

Nuair a bhíonn Coiste de chuid Ghlór na nGael ag feidhmiú i gceantar is annamh na bíonn páirt lárnach ag na scoileanna áitiúla sna himeachtaí a eagraítear. Ní miste a rá go mbíonn an dá thaobh - na scoileanna agus Glór na nGael - ag maireachtáil ar scáth a chéile.  Cabhraíonn na scoileanna go mór chun imeachtaí Ghlór na nGael a chur chun cinn;  baineann na scoileanna féin an-leas as a bpáirtíocht sna himeachtaí seo agus éascaíonn an beartas sa phobal múineadh agus foghlaim na Gaeilge istigh sna seomraí ranga féin.

Féachaimís ar feadh nóiméid ar chuid de na himeachtaí sna scoileanna a bhíonn bainteach le feachtas de chuid Ghlór na nGael.  Glacann na daltaí páirt i gcomórtais trí Ghaeilge, i ndíospóireachtaí, i dtaispeántais ealaíne agus go leor eile dá leithéid.  Bíonn an fhógraíocht istigh sa scoil as Gaeilge.  Áiteanna ná raibh aon smaoineamh ar a leithéid roimhe sin feictear rudaí mar "lá na Gaeilge" nó "seachtain na Gaeilge" á gleachtadh.  Níl ansin ach roinnt bheag samplaí.  Tuigfidh múinteoir ar bith gur cleachtais iad seo go léir a spreagann spéis agus dúil na ndaltaí sa cheacht Gaeilge agus a chuireann go mór le héifeacht an teagaisc.  Gan amhras is féidir a rá gur rudaí iad seo a mholtaí i gcónaí mar chuid de theagasc na Gaeilge.  Is fíor sin, ach níl aon amhras faoi ach gur iontach mar a spreagann feachtas de chuid Glór na nGael na scoileanna chun an dea-chomhairle a chur i bhfeidhm.

Go mion minic luann oidí easpa Gaeilge i saol na ndaltaí lasmuigh den scoil mar mhórbhac ar a n-iarrachtaí féin í a mhúineadh go héifeachtach.  Féach, mar sin, ar an difríocht a dhéannann sé nuair a bhíonn tionchar Ghlór na nGael le feiscint sa phobal.  Feiceann na daltaí comharthaíocht i nGaeilge timpeall orthu; braitheann siad gach a bhaineann le coirmeacha ceoil, le comórtaisí go leor eile ar siúl thart orthu; cloiseann siad Gaeilge á labhairt go nádúrtha.  Glacann siad féin páirt sna himeachtaí seo.  Tuigeann siad gur teanga bheo í an Ghaeilge a bhfuil gradam aici agus meas uirthi.  Go háirithe tugann siad faoi deara chomh tógtha is a bhíonn a dtuistí féin nó tuistí a gcáirde leis an bhfeachtas seo ar fad agus is beag rud a théann i bhfeidhm ar pháistí chomh mór leis sin.  Ní gá dom a rá go n-éascaíonn sé sin teagasc agus foghlaim na Gaeilge ar scoil.

Rud eile is féidir a thabhairt faoi deara ná gur minic ceangal idir dul chun cinn Ghór na nGael i gceantar agus fás na Gaelscolaíochta ann.  Táim ag caint anois ar Ghaelscolaíocht ar bhonn foirmiúil, ar Ghaelscoileanna agus ar Naíonraí agus, in áiteanna, ar Mhamailíní.  Nuair a bhíonn an méid sin ar fáil bíonn oideachas i nGaeilge ar fáil do na páistí ón gcliabhán go dtí go mbíonn Scrúdú na hArdteistiméireachta déanta acu.  Ceann de na tréithe a bhaineann leis an nGaelscolaíocht ná go nglacann na tuistí páirt an-mhór i saol na scoile agus eascraíonn an-chuid teagmhála agus an-chuid eagrú imeachtaí as sin.  Ní fada go mbíonn líonradh gníomhach Gaelach faoi bhláth sa cheantar agus an ceantar mar iomlán á Ghaelú dá réir.

Measaim go raibh an ceart agam nuair a dúirt mé go maireann Glór na nGael agus na scoileanna ar scáth a chéile.

Cuireann sé an-áthas orm a bheith i bhur measc arís i mbliana san Amharclann álainn seo i gCeantar Naithí chun duaiseanna Ghlór na nGael do 1995 a bhronnadh agus tá mé fíobhuíoch daoibh as ucht bhur gcaoinchuireadh chun bheith libh.

Is iontach liom i gcónaí agus mé ag taisteal na tíre an sár-obair dheonach a bhíonn atá ar siúl ag pobail i ngach áit.  Is breá liom an deis a bheith agam aitheantas a thabhairt do chuid de na pobail seo trí bheith i láthair anseo inniu.

Muintir Naithí, ar ndóigh, a bhuaigh an phríomhduais sa chomórtas agus tréaslaím bhur mbua libh:  níl aon amhras orm ach go bhfuil gaisce déanta agaibh ar mhaithe leis an gcultúr agus lenár dteanga dhúchais a neartú igceantar ina bhfuil an Béarla sa treis.  Is eiseamlár é Ceantar Naithí do phobail na tíre ar an gcur chuige le dul chun cinn a dhéanamh maidir le pobal a thógáil le nasc na Gaeilge.  Tá suas le seacht ngrúpa déag ag obair as lámha a chéile sa phobal bríomhar seo.  Grúpaí atá ag freastal ar gach gné de shaol an duine; an ceol, an drámaíocht, an óige, an spóirt agus ar ndóigh an Ghaeilge féin.  Is léir ón amharclann bhreá seo amháin go bhfuil ard mheas acu orthu fein.  Tá naíonra álainn taobh linn anseo agus scoil fíor-dheas taobh thiar díom.  Eatarthu tugann siad oideachas d'ardchaighdeán do os cionn 300 daoine óga agus tá Gaelscoil nua beartaithe don cheantar chomh maith.  Ach ní ag aois a dó go leith a thosaíonn páiste ag foghlaim Gaeilge anseo ach níos óige fós i ngrúpaí ar a dtugtar na Mamailínigh.  Tá thart ar seachtar tuismitheoir agus deichniúr páiste i ngach grúpa agus tagann siad le chéile ar feadh dhá uair a chloig gach seachtain agus nach iontach an deis é do na páistí óga seo!

Tá cruthaithe agaibh gur féidir céimeanna dearfa a ghlacadh chun an pobal a thabhairt le chéile in iarracht mhór chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chaomhnú agus a láidriú, gan trácht ar láidriú an phobail féin.  Is mór an chreidiúint daoibh é agus léirionn sé cad is féidir a bhaint amach ach an pobal áitiúil a bheith lán taobh thiar d'iarrachtaí forbartha agus an comhoibriú cuí a bheith idir an pobal agus na heagraíochtaí Stáit a thugann cúnamh ar mhaithe le forbairt.

Tá an-áthas orm a fheiscint go bhfuil pobail ó gach cearn den tír i measc na nduaiseuirí arís i mbliana.  Níl sna duaiseanna ach aitheantas ar an obair atá déanta agus is trua liom nach féidir aitheantas mar sin a thabhairt do gach dream.  Cuireann sé sásamh ar leith orm nuair a fheicim meadú i líon na nduaiseuirí ó Thuaisceart na hÉireann, mar atá Machaire Rátha, Dún Lathaí, Oileán an Ghuail agus Dore, a bhfuil Scéim na mBuaiteóirí buaite acu, agus, ar ndíogh, Béal Feirste Thiar.

"Tógáil pobal le nasc na Gaeilge" an mana atá ag Glór na nGael agus is é an rud a thaitníonn liom féin faoi Ghlór na nGael na go gceanglaíonn sé iarrachtaí éagsúla an phobail le chéile trí nasc na Gaeilge agus ina theannta sin tugtar áit do chách sa chomórtas agus san obair a bhaineann leis.  Is é mo ghuí go mbeidh nasc níos láidre pobail uile na tíre agus gur féidir cur leis sin trí chomórtas ar nós Glór na nGael.

Mar is eol daoibh, tá spéis ar leith agam féin i bpobal na tíre seo atá scaipthe ar fud an domhain.  Is breá liom a fheiscint nach bhfuil Ghlór na nGael ag déanamh dearmad ar na daoine seo agus go bhfuil i gceist ceangal cultúrtha i dTighe an Oireachtais tá ár dteanga agus ár gcultúr lárnach dár bhféiniúlacht Éireannach agus cuirfidh an ceangal seo lenár bpobal i gcéin go mór lena misneach siúd agus le stádas ár dTeanga san Eoraip agus ar fud an domhain.

Mar fhocal scoir, tréaslaím le pobal cheantar Naithí agus déanaim comhghairdeas le gach coiste a bhuaigh duais agus le gach duine a ghlac páit sa chomórtas.  Tugann sé an-athas dom na duaiseanna a bhronnadh anois.  Go raibh míle maith agaibh go léir.