Leabharlann na Meán

Óráidí

AITHEASC AN UACHTARÁIN AGUS DÚISEANNA BORD NA GAEILGE Á BHRONNADH AICI GO SCRÍBHNEOIRÍ GAELACH

AITHEASC AN UACHTARÁIN AGUS DÚISEANNA BORD NA GAEILGE Á BHRONNADH AICI GO SCRÍBHNEOIRÍ GAELACH AR 12 MÁRTA, 1998

A Cathaoirligh, a scríbhneoirí, a chairde,

Trí chéad bliain ó shin a fuair Dáibhí Ó Bruadair bás. Sabhliain 1698 a scríobh sé na focail seo, agus é ag caoineadh bhás na litríochta in Éirinn:

 

D’aithle na bhfileadh n-uasal

Truaghsan timheal an tsaoil;

clann na n-ollamh go n-eagna

folamh gan freagra faobhair.

 

Is sibhse “clann na n-ollamh go n-eagna” atá bailithe isteach anseo anocht, agus is mór liomsa bheith anseo i

bhur gcuideachta. Níl duine ar bith anseo “folamh

gan freagra faobhair”. Is sibhse Cuisle na hÉigse atá éirithe suas. Tá borradh agus fás faoi litríocht na Gaeilge nach bhfacthas ó aimsir Uí Bhruadair. Is sibhse, thar ghlúin ar bith eile le trí chéad bliain, a bheathaigh an síol le bhur saothar, a chothaigh an chraobh le bhur scríbhinn. A bhuíochas daoibhse tá an peann faoi bhláth arís in Éirinn.

Ní haon chomhtharlú é go bhfuil an peann faoi bhláth

sa lá atá inniu ann. Tá an eacnamaíocht agus an mórtas náisiúnta faoi bhláth fosta. Tá an Renaissance Cultúrtha Ceilteach ag dul céim ar chéim leis an Tíogar Ceilteach, agus is sibhse na ceannródaithe. Tá ceangal iontach mór idir ár dteanga agus ár Bhféiniúlacht idir litríocht na Gaeilge agus ár léargas náisiúnta. Is sibhse aoirí na teanga agus aoirí an léargais seo. Nach breá mar atá sibh ag tabhairt faoin chúram. Tá breis agus céad go leith leabhar Gaeilge á bhfoilsiú gach bliain. Tá bhur saothar á aistriú go Béarla, go teangacha na hEorpa, go Rúisis fiú agus Éabhrais agus Seapáinis. Tá a oiread le rá ag an scríbhneoir Gaeilge is atá ag scríbhneoirí eile an domhain, agus tá an teanga uasal, ársa seo agaibh mar uirlis.

Cé cruinn, géar, saibhir, ceolmhar, an uirlis, níl aon bhealach bog chun scéal nó dán nó dráma a scríobh. Tá íobairt i gceist. Tá uaigneas i gceist. Mar a scríobh Máirtín Ó Direáin:

Uaigneach crann

I lár na coille,

Uaigneach file

Thar gach duine.

Tá a fhios agam nach ar mhaithe le buíochas a scríobhann sibh, ach bíodh a fhios agaibh go bhfuil an Stát agus an Náisiún, sa bhaile agus i gcéin, faoi

chomaoin agaibh. Tá an Chlann Cheilteach ar fad bródúil asaibh, agus tá mise bródúil asaibh. Bród agus mórtas cine atá i gceist agam anseo, ní uaibhreas. Tá muid ag brath oraibhse muid a choinneáil umhal.

 

Ná déanaimis dearmad ar na scríbhneoirí a réitigh an bealach do ghlúin an lae inniu. Tá cuid mhór díobh ar

shlí na firinne (fearinya), scríbhneoirí a bhí ag saothrú i ngort na Gaeilge san am nach raibh an teanga chomh faiseanta is atá inniu. Laochra na litríochta nach ndéanfar dearmad orthu go deo. Ar dheis Dé go raibh a n-anam.

Cuid thábhachtach den Renaissance Cultúrtha é,

aitheantas cuí a thabhairt dár scríbhneoirí Gaeilge, omós a thabhairt dóibh agus ceiliúradh a dhéanamh leo. Tá mé iontach sásta go bhfuair mé an cuireadh bheith libh ag an chéad ócáid cheiliúrtha den sórt seo. Nár dheas go mbeadh a leithéid ann go tráth-rialta.

Cosúil le go leor daoine eile sa tír, tá mé ar mo

dhícheall ag iarraidh feabhas (feas)a chur ar mo chuid Gaeilge. I mí na Nollag a thosaigh mé ar na ceachtanna Gaeilge, faoi dhó gach seachtain. Taobh amuigh de na ceachtanna, caithim roinnt ama gach lá ag iarraidh an obair bhaile a dhéanamh, mar tá múinteoir an-chrosta agam. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Bord na Gaeilge a chuidigh liom na socruithe a chur ar bun.

Mar chuid de m’oilithreacht phearsanta tá mé ag cur aithne ar roinnt díbh trí bhur saothar. Tá mé ag iarraidh mo chuid féin a dhéanamh sa Renaissance Cultúrtha seo. Léigh mé véarsa as dán le Máirtín Ó Direáin ar ball, agus mar fhocal scoir, ba mhaith liom véarsa as dán eile dá chuid a léamh. Iarann sé ar an scríbhneoir splanc na haislinge a choinneáil ar lasadh i gcónaí. Maith an chomhairle í:

Luigh ar do chranna foirtil

I gcoinne mallmhuir is díthrá,

Coigil aighinee d’aislinge

Scaradh léi is éag duit.

 

Go raibh maith agaibh.