Leabharlann na Meán

Óráidí

“AN PEANN FAOI BHLÁTH” ÓRÁID AN UACHTARÁIN IN ÁRAS BHORD NA GAEILGE DEARDAOIN, 20Ú BEALTAINE, 1999

“AN PEANN FAOI BHLÁTH” ÓRÁID AN UACHTARÁIN IN ÁRAS BHORD NA GAEILGE DEARDAOIN, 20Ú BEALTAINE, 1999

A Chathaoirligh, a scríbhneoirí agus a chairde,

Tá litríocht na Gaeilge á saothrú ag muintir Uladh le fada, fada an lá. Tá na línte seo a leanas curtha i leith Naoimh Colmcille – Ultach breá – agus ní inniu ná inné a scríobh sé iad:

 

Is oth liom an t-aos léinn

a dhul in Ifrinn pianach

is an té nár léigh riamh líne

a dhul i bParrthas grianach.

 

Tá súil agam nach fíor dó, nó beidh cuid mhór díbhse atá i láthair inniu ag caitheamh na síoraíochta ag stócáil tinte in Ifrinn thíos. Tuigeann muid gur píosa beag searbh é seo a scríobh an seanmhanach nuair a d’éirigh sé dubh dóite de sclábhaíocht na scríbhneoireachta. Nach dtuigeann sibh do?? Bíonn sclábhaíocht i gceist in amanna, dua agus deacracht, céasadh agus crá croí; ach sna hamanna eile, nuair a thosaíonn tobar na smaointe ag cur thar maoil agus nuair a phléascann na focail amach ina rabharta glórmhar fríd an doras sa chuimhne a bhí druidte go teann, is fiú an duais an dua.

Roghnaigh sibhse bóthar na litríochta, bóthar nach siúlann mórán sa lá atá inniu ann, murab ionann is aimsir Cholmcille, nuair – mar a deirtear linn – go raibh fear as gach triúr in Éirinn ina fhile. Scríobh Seathrún Céitinn in ‘Foras Feas ar Éirinn’: “Gur trom an t-ualach ar Éirinn iad”. Bhí na ríthe ag iarraidh iad a dhíbirt as an tír, ach ag Droim Ceat, i gCondae Dhoire, sheas Colmcille an fód ar a son agus d’éirigh leis “redundancy package” maith a fháil do cheardchumann na bhfilí. Bhí cead acu fanacht in Éirinn. D’fhan siad, bhláthaigh siad agus tá siad linn go fóill. Ach caidé mar a bhí an scéal ag na mná san am sin? Sé mo bharúil féin go raibh, ar a laghad, beirt as gach triúr díofa sin ina bhfilí, agus an tríú duine ina bard. Bíodh sin mar atá, is casta uaigneach, aimhréidh an bóthar é bóthar na litríochta. Ní hé an léargas céanna é a fhaigheann gach scríbhneoir ar an ród atá le taisteal aige. Bhí fís ar leith ag Ultach breá eile, Seosamh Mac Grianna:

 

Is óg i mo shaol a chonaic mé uaim é, an ród sin

a bhí le mo mhian,

an bealach cas geal a raibh sleas cnoc ar gach

taobh de a ba deise

ná aon chnoc dá bhfuil i gceol; agus anál aeir

os a chionn a

bhéarfadh bua ar aeir an tsaoil mar bheir fion

bua ar an uisce……”

 

Is barúil forleathan í in áiteanna áirithe gur rud é litríocht na Gaeilge agus teanga na Gaeilge a dhéanann an pobal ó thuaidh a dheighilt. Ach tá an dá insint ar an scéal seo. Sa bhliain naoi déag fiche ’s a haon scríobh Dúbhglas de hÍde réamhrá ar leabhar úr: ‘Duanaire Gaeilge’ a bhí curtha le chéile ag cara mór leis, Róis Ní Ógáin. Bhailigh Róis cuid mhór de na dánta agus na hamhráin seo ó phobal Ghlinntí Aontroma. Protastúnach a bhí inti, ach ní Protastúnach Náisiúnach mar a bhí sa Chraoibhín Aoibhinn. Aontachtóirí agus Oráistigh ab ea a muintir, daoine a raibh ról lárnach acu i gcúrsaí polaitíochta an tuaiscirt. Ach chuaigh Róis bealach na litríochta Gaeilge go luath ina saol agus fuair sí cead a cinn é seo a dhéanamh. Bhí sí ina seanaintín le Róismháire an Bhantiarna Brookeborough, agus b’í an Rosemary Lady Brookeborough céanna seo a sheol eagrán úr den Duanaire, cóirithe ag Diarmaid Ó Doibhlin, ceithre bliana ó shin. Nach fánach an áit a bhfaighfeá Protastúnach agus Aontachtóir agus Oráisteach nuair a dhéantar bonn na litríochta Gaeilge a leathnú. Agus mura bhfuil scríbhneoirí ard-éirime le bheith caillte orainn, sin a rud a chaithfear a dhéanamh.

Tá ceiliúradh faoi leith á dhéanamh againn inniu ar scríbhneoirí Chúige Uladh. Níl rí ar bith ag bagairt sibh a dhíbirt as an tír, ach is iomaí deacracht eile atá le sárú agaibhse a roghnaigh bealach na litríochta Gaeilge a thaisteal. Ní thig libhse bheith ag súil leis an aitheantas nó an cháil a bhaineann na húdair Bhéarla amach. Is fíor bheagán díbh atá ábalta bhur mbeatha a thabhairt i dtír leis an scríbhneoireacht lán-aimseartha. Sé mo bharúil gur gníomh creidimh atá i scríbhneoireacht Ghaeilge na linne seo. Mo cheol sibh a scríbhneoirí Uladh a d’fhan dílis do thraidisiún ársa na litríochta ó thuaidh. Is sibhse na comharbaí ar Cholmcille, Art Mac Cumhthaigh, Aodh Mac Aingil, Peadar Ó Doirnín, muintir Ghrianna agus fear a bhfuil m’fhear céile Máirtín muinteartha lena chlann: Cathal Buí Mach Giolla Ghunna. Agus mé ag smaoineamh ar Chathal Buí agus an Bonnán Buí, níl mé ag iarraidh go bhfaighidh duine ar bith anseo bás den tart, agus mar sin gabhfaidh mé buíochas libh, agus guífidh mé gach rath agus séan oraibh san obair thábhachtach atá idir lámha agaibh.

Go maire sibh, a scríbhneoirí. Go raibh maith agaibh.