Leabharlann na Meán

Óráidí

CUAIRT AN tUACHTARÁIN AR SCOIL NEASÁIN LUAIN, 22 SAMHAIN, 1999

CUAIRT AN tUACHTARÁIN AR SCOIL NEASÁIN LUAIN, 22 SAMHAIN, 1999

Dia daoibh.

An bhfuil sibh go maith?

A leanaí, a mhúinteoirí agus a mhuintir Scoil Neasáin ar fad, tá mé iontach sásta bheith anseo libh inniu. B’shin fáilte ar leith a chuir sibh romham agus bhí mé an-tógtha leis an amhrán speisialta a chan sibh. Bhí sé go hálainn. Is scoth-cheoltóirí sibh. Nach bhfuil an ceart agam? Déanaim comhghairdeachas libh agus le Bean Uí Áinle agus leis na múinteoirí ar fad. Tá an-obair déanta agaibh agus a rian sin ar an cheol.

Bhí na múinteoirí ag rá liom gur sibhse na daltaí is fearr in Éirinn. An bhfuil sé sin fíor? Agus an bhfuil na múinteoirí is fearr in Éirinn i Scoil Neasáin? Is fiú daoibh a bheith deas leo, mar b’fhéidir nach dtabharfaidh siad aon obair bhaile daoibh anocht. Nach mbeadh sé sin deas? An gcuirfidh mé ceist orthu?

Ba mhaith liom anois cúpla focal a dhíriú ar na daoine fásta. Ba mhaith liom ar dtús mo bhuíochas a ghabháil leis an Bhord Bainistíochta as an chuireadh a thug siad dom teacht anseo inniu chun ceiliúradh a dhéanamh libh. Tá sibh tríocha bliain ar an saol i mbliana agus is mór is fiú é sin a cheiliúradh. Tríocha bliain ó shin bhí fís ag scaifte beag daoine: bunscoil lán-Ghaelach a bhunú i dtuaisceart na cathrach seo chun freastal ar phobal na Gaeilge agus orthu sin a bhí ag iarraidh oideachas lán-Ghaelach a chur ar fáil dá gcuid leanaí. Fís réabhlóideach a bhí ann. Ach bhí spiorad do-chloíte sna ceannródaithe agus d’éirigh leo snámh in éadan an tsrutha agus an scoil a bhunú. Nach maith mar atá sí tagtha faoi bhláth ó shin.

Tuigtear dom go bhfuil cuid de na bunaitheoirí linn inniu agus iar-chathaoirligh, baill de Ghaeloideas, muintir Chumann na dTuismitheoirí agus baill an Bhoird Bhainistíochta. Tréaslaím libh ar fad as an dua, an dúthrach, agus an dílseach atá léirithe agaibh. Is mór an chreidiúint daoibh an Ghaelscoil álainn seo agus na múinteoirí dílse agus na daltaí áille. Tá a fhios ag an saol mór an méid atá déanta ag Scoil Neasáin ar son na Gaeilge agus ar son gach gné den chultúr Gaelach. I gcónaí is ariamh bhí dóchas agaibh sa dúchas. Coinnigí an dóchas sin.

Anois a leanaí, is lá speisialta é seo domsa, ach is lá speisialta daoibhse é fosta. Ní gach lá a thagann at t-Uachtarán ar cuairt. Tá Scoil Neasáin tríocha bliain d’aois – i bhfad níos sine na mé féin. Caithfidh mé bronntanas breithlae a thabhairt daoibh. Fanaigí go bhfeice mé cén bronntanas a thabharfaidh mé daoibh………… Ar mhaith libh lá saor? Sin rud deas faoi bheith i m’Uachtaran: bím ábalta lá saoire a bhronnadh ar scoil nuair a thagaim ar cuairt.

Am mbeidh sibh i gcónaí dílis don Ghaeilge? Is maith sin. An mbeidh sibh i gcónaí bródúil as an Ghaeilge? Maith sibh. Guím breithlá sona ar mhuintir Scoil Neasáin. Go maire sibh an céad. Go raibh maith agaibh.