Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ar bhás Alan Parker

Dáta: hAo 31st Iúi, 2020 | 22:10

Beidh go leor daoine i saol na scannán a mbeidh brón orthu mar gheall ar bhás Alan Parker ach a mbeidh meas acu i gcónaí ar an mbarántúlacht a thug sé dá scannánaíocht agus an spreagadh iontach a thug sé dóibh siúd a d’oibrigh ina chuid scannán.

Dóibh siúd in Éirinn a bhí meas acu ar fhoirm ealaíne an scannáin, cuimhneofar air go brách.  Ní raibh in The Commitments agus Angela’s Ashes ach cuid de stór saothair inar áiríodh scannáin aitheanta cosúil le Midnight Express agus Mississippi Burning.  Is mór an comhartha ómóis dó an dea-mhéin atá á léiriú ag na daoine a d’oibrigh le Alan Parker.  Thug sé daonnacht dhomhain dá chuid saothair ar fad, daonnacht a chuir sé ar aghaidh chuig daoine eile.

Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá theaghlach ar fad, dá chairde agus do na daoine ar fad i saol na scannánaíochta a bhfuil meas acu air.