Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn tar éis a chruinnithe le hUachtarán na Cipire, Nicos Anastasiades

Dáta: Lua 14th Dei, 2019 | 10:09

Ráiteas chuig na Meáin
ó
Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn

Pálás an Uachtaráin, An Niocóis, An Chipir

Dé Luain 14 Deireadh Fómhair 2019



Dia dhaoibh ar maidin.

Is mór an onóir agus an chúis áthais domsa agus do Shaidhbhín a bheith in bhur dteannta anseo inniu ar ócáid na Cuairte Stáit ag Uachtarán na hÉireann ar an gCipir, cuairt a chúitíonn an comhar leis an Uachtarán Anastasiades agus lena bhean chéile a thug cuairt ar Éirinn in 2016, a bhfuil cuimhne le cion againn uirthi in Éirinn.  

Ar leibhéal pearsanta, bhí mé ag súil le tamall an deis a fháil cuairt a thabhairt ar an tír iontach seo a bhfuil an oiread sin léite agam fúithi, agus ar oileán a raibh ionchur mór agus buan aige ar ár sibhialtacht iontach Eorpach.  

Glacaim buíochas leat as an bhfáilte ó chroí a chuir tú romham. B’fhéidir gurb é an chúis go dtuigeann muintir na hÉireann agus muintir na Cipire a chéile chomh maith sin gur náisiúin oileánda sinn agus go gcuirimid beirt luach mór ar an bhféile agus ar an gcairdeas. Tá sé sin ríshoiléir ón am a tháinig mé.  

Tugann mo chuairt deis chun an cairdeas láidir stairiúil idir Éire agus an Chipir a athdhearbhú, dhá bhallstát oileánda san Aonta Eorpach a bhfuil daonra measartha beag iontu agus sinn suite ag foircinn atá i bhfad trasna óna chéile ar thaobhanna éagsúla dár n-ilchríoch ilchineálach, ach a bhfuil raon luachanna, taithí agus a bhfuil i ndán dóibh á roinnt eadrainn.  

Ní hamháin go bhfuil ár dtaithí sa sean-am stairiúil, ach sa tréimhse chomhaimseartha chomh maith, á roinnt againn. Mar a tharla in Éirinn, d’fhulaing an Chipir cúlú eacnamaíochta trom le linn na géarchéime airgeadais domhanda agus is féidir an dlúthpháirtíocht speisialta a bhrath ón taithí roinnte sin agus sinn ag machnamh ar a mhothaíomar agus ar an tslí a tháinig ár dtíortha as na deacrachtaí eacnamaíochta sin.

Tá impleachtaí ag imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach ar mhuintireacha an dá thír agus táimid ag tacú lena chéile maidir le saincheisteanna náisiúnta a chéile.  

I bhfianaise ár gcomhthaithí ar an gcoimhlint agus ar chothú na síochána, tá tuiscint thraidisiúnta ag Éirinn ar na dúshláin atá roimh an gCipir agus réiteach ar cheist chríochdheighilt na Cipire á lorg aici go seasta. Leanfar lenár dtuiscint agus lenár ndlúthpháirtíocht.

Tá Éire tar éis tacú le misean coimeádta na síochána de chuid na Náisiún Aontaithe sa Chipir leis na scórtha bliain. Táimid an-bhródúil as an obair mhór atá á déanamh againn, agus sinn ag leanúint léi ó na laethanta luatha nuair a ghlacamar páirt sna Náisiúin Aontaithe den chéad uair.  

Tuigimid go maith in Éirinn gur próiseas deacair agus fada atá ann oidhreacht na coimhlinte agus na deighilte a shárú, próiseas a dteastaíonn go leor foighne agus tiomantais uaidh ach ar féidir é a bhaint amach le toil pholaitiúil ar gach thaobh. Tá luach mór ag baint le dea-thoil daoine eile a bhfuil tuiscint agus eolas acu ar a leithéidí d’iarrachtaí, agus a thuigeann go bhfuil ról na Náisiún Aontaithe, mar shampla, fós lárnach i bpróiseas réitigh coimhlinte agus i mbaint amach an athmhuintearais.  

Agus é ar eolas againn go leanfaidh iarrachtaí na Cipire gan staonadh agus réiteach á lorg aici, déanfaidh Éire gach a bhfuil sí ábalta a dhéanamh chun cúnamh a thabhairt sna hiarrachtaí sin, agus sinn ag súil go mbeidh síocháin bhuan agus athmhuintearas ar oileán na Cipire.  

Leanfaimid ag tacú le bhur n-iarrachtaí uile chun réiteach a fháil a chinnteoidh an tsíocháin agus an chobhsaíocht sa Chipir trí shocrú fiúntach, cothrom agus buan a bhunú.  

Is daoine imirceacha ó náisiúin loingseoireachta iad muintir na hÉireann agus na Cipire. Ní iontas ar bith é go bhfuil ceangail mhuirí á gcruthú againn araon, ó tharla ár gcomhstair chabhlaigh, agus bhur stair ag dul siar go dtí an tréimhse chlasaiceach.  

Amárach tabharfaidh mé cuairt ar an mBuanchoiste um Dhaoine ar Iarraidh i gCrios Maolánach na Náisiún Aontaithe, a chabhraíonn le clanna taisí a ndaoine muinteartha, a chuaigh ar iarraidh le linn na troda idirphobail ó 1963 go 1964 agus imeachtaí na bliana 1974, a aimsiú, a aithint agus a thabhairt ar ais. Tá Éire, a raibh tasc dá leithéid le déanamh aici, sásta tacú le hobair an Bhuanchoiste.  

Bhí an cultúr tábhachtach riamh anall dár muintearacha agus dá réir ní hiontas ar bith é go bhfuil roinnt imeachtaí cultúrtha beartaithe i gcomhair mo chuairte. Ina measc tá cuairt ar shuíomh ársa Kourion, agus ar ndóigh léiriú filíochta agus ceoil in Eagraíocht Amharclannaíochta na Cipire sa Niocóis.

Is mór liom an onóir atá tugtha dom aitheasc a thabhairt do Theach na nIonadaithe sa Chipir Dé Céadaoin, mar a mbeidh deis agam labhairt faoin gcaidreamh atá idir an dá thír, chomh maith leis na dúshláin atá á roinnt eadrainn agus sinn ag tabhairt faoi an iliomad géarchéimeanna dár linne – éiceolaíochta, eacnamaíochta agus sóisialta.  

Tugann mo chuairt deis na ceangail dhéthaobhacha atá á bhforbairt in earnáil na mara sa dá oileán a cheiliúradh, an deis a thugtar chun an cultúr Éireannach a chur chun cinn sa Chipir agus chun ceangal na hÉireann leis an bpobal cónaitheach Éireannach a dhaingniú.  

Ar deireadh, ba mhaith liom a rá arís go bhfuilimid ag bualadh le chéile inniu ag am a bhfuil dúshláin mhóra romhainn.  

Sa chomhthéacs sin, bheinn faillitheach mura gcuirfinn mo bhuairt in iúl, mar Uachtarán na hÉireann, faoina bhfuil ag tarlú i dtuaisceart na Siria, agus faoi idirghabháil aontaobhach na Tuirce sa cheantar sin.  

Is uafásach an rud é go bhféadfaí iallach a chur ar theifigh filleadh ar ais le lámh láidir agus tá sé do-ghlactha. Ba mhaith liom a rá, go neamhbhalbh, nach bhfuil aon iarracht ar athrú déimeagrafach inghlactha. Impím ar an Tuirc cur chuige malartach trí idirbheartaíocht a lorg, ceann a dhiúltaíonn idirghabháil mhíleata agus an ciapadh daonnúil a leanann é.  

Aontaím chomh maith leis an gCipir gur cúis imní di go bhfuil druileáil agus sirtheoireacht tosaithe le gairid amach ón gcósta. Ba cheart tabhairt faoi ghníomhaíochtaí muirí faoin dlí idirnáisiúnta agus faoi aon idirbheartaíocht atá riachtanach sa chomhthéacs sin.   

Go raibh maith agaibh.