Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas do dhaltaí agus tús á chur acu lena scrúduithe Ardteiste agus Teastais Shóisearaigh

Dáta: Céa 4th Mei, 2014 | 14:03

Dúirt an tUachtarán Higgins inniu, “Ba mhaith liom gach beannacht a bhreith chuig na daltaí sin go léir a bhfuil tús á chur acu lena scrúduithe Ardteiste agus Teastais Shóisearaigh inniu.

Tá breis agus 115,000 dalta agus a dteaghlaigh bainteach le gné thábhachtach eile de thimthriall an oideachais. Tá a n-iarracht is fearr curtha ag na daltaí ina gcuid staidéir, faoi chúinsí éagsúla. Le tacaíocht ó mhúinteoirí agus ó theaghlaigh, tabharfaidh siad faoina gcuid scrúduithe le dóchas.

Cé gur tábhachtach iad na scrúduithe seo, ba cheart dúinn go léir cuimhneamh nach bhfuil iontu ach cuid amháin de thimthriall foriomlán na foghlama agus an oideachais, a leanfaidh ar aghaidh ar feadh an chuid eile dá saoil.

Guím gach rath orthu don todhchaí