Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas chun bunú Pháirtí an Lucht Oibre céad bliain ó shin a chomóradh

Dáta: Dom 3rd Mei, 2012 | 15:56

Ag cruinniú bliantúil Chomhar Ceardchumann na hÉireann i gCluain Meala 100 bliain cothrom an lae seo, chuir James Connolly rún os comhair an chruinnithe a raibh bunú Pháirtí an Lucht Oibre ina thoradh air. Sna deich mbliana atá romhainn déanfar comóradh ar roinnt mhórimeachtaí i stair an oileáin seo. I measc na n-imeachtaí comórtha sin is fiú, go deimhin, bunú Pháirtí an Lucht Oibre a chomóradh agus a cheiliúradh.

Tá ról suntasach i stair na hÉireann imeartha ag an bpáirtí a bhunaigh James Connolly, James Larkin agus William X. O’Brien, ní hamháin maidir lena chion ar mhaithe leis an daonlathas parlaiminte ach le bunú agus le buanú ghluaiseacht na gceardchumann. Cé gurbh fhéidir gur chuir príomhaíocht na streachailte ar son an neamhspleáchais agus an dearcaidh “Ní mór don Pháirtí fanacht”, moill ar a dhul chun cinn i mblianta luatha an Stáit, le fiche nó tríocha bliain anuas bhí tionchar nach beag ag an bpáirtí ar pholaitíocht na hÉireann.

Bhunaigh na bunaitheoirí Páirtí an Lucht Oibre agus iad ag súil le parlaimint Rialtais Dúchais i mBaile Átha Cliath agus iad ag aireachtáil go raibh Éire ar tí dul faoi athrú an-mhór. Céad bliain ina dhiaidh sin, agus tá Éire ag dul trí thréimhse mhórathraithe arís, leis na dúshláin scanrúla agus le cumas an chlaochlaithe thairbhigh a thagann lena leithéid. Agus aghaidh á tabhairt ar na dúshláin agus na deiseanna sin, tá an t-idéalachas sóisialta agus an tírghrá praiticiúil a spreag Connolly, Larkin agus O’Brien ag teastáil anois níos mó ná riamh.

Tréaslaím a bhfuil bainte amach aige sa chéad bliain atá caite le Páirtí an Lucht Oibre, molaim a mbaill reatha agus a iarbhaill as a dtiomantas don pholaitíocht dhaonlathach, agus spreagaim iad, mar a dhéanaim le baill gach páirtí polaitíochta, a n-idéalachas agus a mbraistint maidir leis an tseirbhís don phobal a chothabháil agus a athnuachan agus iad ag díriú ar leas ár saoránach go léir.