Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas faoin dara cuairt oifigiúil ag an Uachtarán Higgins ar an mBreatain

Dáta: Sat 2nd Mei, 2012 | 15:50

Tabharfaidh an tUachtarán Michael D. Higgins a dhara cuairt oifigiúil ar Londain ó Dé h Aoine 22 Meitheamh go dtí Dé Domhnaigh 24 Meitheamh.

Imeoidh an tUachtarán ó aerfort Bhaile Átha Cliath tráthnóna Dé hAoine agus buailfidh Ambasadóir na hÉireann, an tUasal Bobby McDonagh, leis ar shroichint Londan dó.

Maidin Dé Sathairn, rachaidh an tUachtarán Higgins, i gcuideachta a mhná Sabina chuig Páirc Imeartha Iathghlas an CLG in Ruislip. Cuirfidh an tUasal Brendie Brien, Uachtarán Chomhairle Chúige CLG na Breataine agus an tUasal Noel O’Sullivan, Cathaoirleach CLG Londan f’áilte rompu. Buailfidh siad le himreoirí an CLG, le hionadaithe an CLG sa Bhreatain agus le baill an phobail áitiúil Éireannaigh agus beidh deis acu imreoirí faoi 18 ó thrasna na Breataine a fheiceáil ag imirt iománaíochta, camógaíochta agus peile.

Rachaidh an tUachtarán agus a bhean ansin chuig amharclann Hampstead in Swiss Cottage, áit a bhfreastalóidh siad ar oscailt oifigiúil DruidMurphy, trí dhráma a insíonn scéal na himirce ó Éirinn le Tom Murphy. Beidh an tUachtarán agus Sabina i láthair ag léirithe de Conversations on a Homecoming, A Whistle in the Dark agus Famine agus buailfidh siad le Gary Hynes, Stiúrthóir Ealaíne an chompántais drámaíochta Druid, atá lonnaithe i nGaillimh, leis an scríbhneoir drámaíochta Tom Murphy, chomh maith le baill na foirne agus leis an gcriú léiriúcháin.

Imeoidh an tUachtarán as Londain maidin Dé Domhnaigh.