Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas i Gcomhair Lá Domhanda na Heolaíochta ar Son na Síochána agus na Forbartha

Dáta: Mái 10th Sam, 2020 | 10:35

“Inniu, ar 'Lá Domhanda na hEolaíochta ar son na Síochána agus na Forbartha', tugann na Náisiúin Aontaithe cuireadh dúinn meas a bheith againn ar ról suntasach na heolaíochta sa tsochaí agus é a cheiliúradh, agus aitheantas a thabhairt don iliomad bealaí ar féidir le heolaithe ar fud an domhain cuidiú linn i leathnú ár dtuisceana ar an bpláinéad iontach leochaileach a roinnimid le chéile. 

Tá sé ríthábhachtacht meas a bheith againn ar thábhacht na heolaíochta inár saol, agus ar thuiscint ar an eolaíocht maidir le dul i ngleic leis na dúshláin mhóra atá roimh an gcine daonna.

Tá aghaidh á tabhairt go ciallmhar agus go héifeachtach ar an iliomad fadhbanna atá romhainn - amhail an bhochtaineacht dhomhanda, an t-athrú aeráide, an choinbhleacht, an galar agus an t-ocras - trí thairbhe an taighde agus na tuisceana eolaíochta a roinnt. Is cruthúnas air sin na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, agus sinn ag brath, mar a dhéanaimid, ar scoth na hoibre eolaíochta.

Inniu, agus Lá Domhanda na hEolaíochta ar son na Síochána agus na Forbartha á chomóradh againn, éilím an athuair go ndéanfaí eolas agus dul chun cinn san eolaíocht a mhalartú go hoscailte, go háirithe i bhforbairt na n-uirlisí leighis atá ag teastáil go práinneach ar domhan chun dul i ngleic le COVID-19.

Tá sé léirithe ag géarchéim COVID-19 maidir leis an tsláinte, nach mbeidh duine ar bith sábháilte go dtí go mbeidh gach duine sábháilte. Ní aithníonn an phaindéim aon teorainn agus ní féidir dul i ngleic léi ach amháin trí dhlúthpháirtíocht dhomhanda agus trí chomhoibriú idirnáisiúnta.

Ar an Lá Domhanda Eolaíochta seo, geallaimis an athuair go gcloífimid le prionsabail an chomhoibrithe dá leithéid, chun an t-eolas a roinnt ar bhealach cóir cothrom, rud a chabhróidh linn go léir saol síochánta agus forbairt inbhuanaithe a chruthú sa todhchaí.”