Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ar an aitheantas ó UNESCO don Iománaíocht agus don Chamógaíocht ar Liosta Ionadaíoch Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe

Dáta: Déa 29th Sam, 2018 | 09:32

“Mar Uachtarán na hÉireann, cuirim fáilte is fiche roimh chinneadh Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) aitheantas domhanda a thabhairt do chluichí ársa na hÉireann, is iad sin an iománaíocht agus an chamógaíocht.

Is aitheantas domhanda atá sa chinneadh seo don suntas cultúrtha uathúil a bhaineann leis an gcuid seo dár gcultúr náisiúnta, agus don ról tábhachtach atá ag cluichí Gaelacha i sochaí na hÉireann. Is comhartha ómóis é freisin do chumainn na gcluichí Gaelacha, arb iad a gcuid oibre agus a meon maidir leis an obair dheonach atá ina gcroílár san iliomad pobal ar fud oileán na hÉireann agus níos faide i gcéin, tharla go bhfuil cluichí Gaelacha á n-imirt ar gach ilchríoch anois.

Níos tábhachtaí fós, tarraingíonn cinneadh UNESCO aird arís ar an spiorad foirne, ar an meas ar fheabhas na scileanna, agus ar an gcruthaitheacht atá i gcroílár na sochaí Éireannaí, agus ar ár n-oidhreacht chultúrtha ar fiú í a chaomhnú agus a chomóradh.  

Is údar mór bróid againn, ar oileán comhroinnte seo na hÉireann agus i measc na nÉireannach thar lear, ár spóirt dhúchasacha agus ár gcáil idirnáisiúnta i dtaca leis an gcruthaitheacht; cáil a gcuireann ár bhfir agus ár mná spóirt go mór leis, chomh maith leis na saorálaigh as cuimse atá tar éis a ngrá don iománaíocht agus don chamógaíocht a thabhairt do na glúnta atá le teacht.”