Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar Chuairt Stáit óna Shoilse, Prokopios Pavlopoulos, Uachtarán na Poblachta Heilléanaí

Dáta: Lua 13th Ean, 2020 | 20:56

Tá sé ráite ag an Uachtarán Micheál D.Ó hUigínn inniu go bhfuil sé ag súil le fáilte a chur roimh A Shoilse, Uachtarán na Poblachta Heilléanaí, Prokopios Pavlopoulos ar Chuairt Stáit go hÉirinn, a gcuirfear tús leis Déardaoin, Eanáir 16.

Tiocfaidh Cuairt Stáit an Uachtaráin Pavlopoulos i ndiaidh Chuairt Stáit an Uachtaráin Uí Uigínn ar an nGréig i mí Feabhra 2018, agus tarraingeoidh sí aird ar an gcaidreamh polaitiúil, eacnamaíochta agus stairiúil idir an Phoblacht Heilléanach agus Éire agus neartóidh sí a thuilleadh an dlúthchairdeas idir an dá thír.  

Cuirfear tús leis an gCuairt Stáit le fáilte dheasghnách in Áras an Uachtaráin, Déardaoin 16 Eanáir, agus beidh cruinniú déthaobhach idir an bheirt Cheann Stáit ina dhiaidh sin. Sa tráthnóna beidh Dinnéar Stáit á óstáil ag an Uachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn in onóir an Uachtaráin Pavlopoulos agus an Uasal Vlassia Pavlopoulos.

Bhuail an bheirt Uachtarán le chéile go deireanach nuair a thug an tUachtarán Ó hUigínn Aitheasc Arastatail ar théama an athraithe dhaonlathaigh agus eacnamaíochta san Aithin i mí dheireadh Fómhair anuraidh, ar cuireadh ón Uachtarán Pavlopoulos.

Ghlac an bheirt Uachtarán páirt i gcruinniú den Ghrúpa Arraiolos san Aithin i mí Dheireadh Fómhair 2019.