Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ar bhás Bhróid, madra sléibhe Beirneach an Uachtaráin

Dáta: Sat 22nd Aib, 2023 | 21:30

Tá an-bhrón ar an Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn agus a bhean chéile Saidhbhín a roinnt go bhfuair ceann amháin dá madraí sléibhe Beirneacha, Bród, bás ag 11 bliain d’aois. 
 
Chaith Bród 11 bliain agus dhá mhí in Áras an Uachtaráin, tar éis dó teacht go dtí an Áras mar choileán óg, gan ach ocht seachtaine slánaithe aige. Ba mhadra grámhar é Bród, agus bhí gach duine a bhuail leis thar a bheith ceanúil air. Bhain sé an-sult as casadh le baill an phobail agus iad ar cuairt ar Áras an Uachtaráin thar na mblianta, is cinnte gurbh é Bród ceann de na madraí is mó a glacadh grianghraif dó in Éirinn.

Aireoidh an tUachtarán, Saidhbhín agus muintir an Árais Bród uathu go mór. Is mór an chailliúint é go háirithe do Mhisneach, madra eile an Uachtaráin atá dhá bhliain go leith d’aois. Roinn Misneach a spás le Bród le míonna beaga anuas, agus bhí sé mar chompánach dílis aige, i gcónaí airdeallach ar a shláinte agus cúramach leis.