Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Statement on the death of Ulick O’Connor

Dáta: Lua 7th Dei, 2019 | 15:11

“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Ulick O’Connor, údar, file, staraí, díospóir céimiúil agus ball d’Aosdána.

Tar éis dul leis an dlí agus taithí leathan a fháil mar iomaitheoir spóirt, chuaigh sé ag obair mar iriseoir spóirt. D’éirigh go maith le Ulick O’Connor nuair a fuair sé an spás lena éirim agus a eolas a roinnt mar scríbhneoir agus mar phoiblitheoir, agus thacaigh sé go láidir le raon leathan cúiseanna, go háirithe mar a bhain siad leis an gcruthaitheacht agus leis an smaointeoireacht neamhspleách sa tsochaí.

Léitheoir cíocrach a bhí ann ar thaitin cumhacht na bhfocal go follasach leis, agus d’éirigh sé go raibh guth suaithinseach aige a raibh tóir air i ndíospóireacht phoiblí, agus leanfar ag léamh a chuid próis, a léirmheasanna liteartha agus a chuid filíochta féin ar feadh na nglúnta amach anseo.

B’ábhar luachmhar agus gríosaitheach a bhí in ‘Celtic Dawn’, a foilsíodh sna 1980idí agus chuir sé go mór leis an díospóireacht faoi Athbheochan Chultúrtha na hÉireann. Tharla gur beathaisnéisí a bhí ann, ba fhoinse cuid mhaith dá sheónna aonair, ar mhór ag an bpobal iad, a bhí ina shaothar faoi Oliver St. John Gogarty.

Cuimhneofar go ceanúil ar a thiomantas don taibhiú chomh maith lena thacaíocht d’aisteoirí agus dá slí bheatha ar feadh a shaoil.

Mar Uachtarán na hÉireann, cuirim mo chomhbhrón ó chroí in iúl dá mhuintir, dá chairde agus dóibh siúd go léir a raibh tionchar aige ar a saol. B’údar mór bróid dom aithne a bheith agam air mar chara."