Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás do Shay Healy

Dáta: Sat 10th Aib, 2021 | 12:02

“Beidh bás Shay Healy ina údar mór bróin ag pobal iomlán an cheoil.”

 

Is le dobrón a chloisfidh go leor daoine ó phobal an cheoil agus ó lucht seinnte ceoil in Éirinn faoi bhás Shay Healy, cumadóir amhrán, craoltóir, iriseoir agus léiritheoir. 

Sna 1980idí chuir daoine aithne ar Shay Healy nuair a bhuaigh What’s Another Year Comórtas Amhránaíochta Eoraifíse, agus nuair a tháinig an comórtas go hÉirinn ina dhiaidh agus nuair a d’éirigh go maith leis. 

Bhí réimse leathan tallann ag Shay agus lean sé le leas a bhaint as le fiche nó tríocha bliain anuas, fiú agus é ag déileáil le dúshláin a shláinte. Bhí cur chuige úrnua aige ag plé le gach a ndearna sé agus chuir sé in iúl é le díograis. Bhí raon a chumtha amhrán sa dóigh gur chuimsigh sé ní hamháin amhráin a d’fhéadfadh dul in iomaíocht agus seans maith acu sa chomórtas Eoraifíse, ach amhráin a d’fhreagair d’imeachtaí comhaimseartha agus a d’fhéadfadh a n-áit a ghlacadh i bpobal an cheoil tíre chomh maith.

Bhí an clár Nighthawks, ar oibrigh sé air i gcomhair RTE, thar barr ar fad ina chumadóireacht agus a chur i bhfeidhm agus bhí suntas nach beag ag baint leis mar cheann de na cláir a bhí ábalta bogadh timpeall na tíre, agus a bhain cáil amach i stair na tíre nuair a craoladh as Ros Comáin é.

Thug Acadamh Scannánaíochta agus Teilifíse na hÉireann aitheantas do shaothar Shay as a ionchur i dtionscal siamsaíochta na hÉireann. Ba mhaith agus chuí an rogha a bhí ann, mar go raibh Shay go leanúnach ina cheannródaí i réimse leathan, ó aimsir na seó-bhannaí go léiriú seónna ceoil, lena n-áirítear The Wiremen.

Tá cuimhne chaoin agam ar chomhfhreagras a fuair mé uaidh thar na blianta ag pointí áirithe inár saol. Ba phribhléid mhór a bhí ann aithne a bheith agam air mar chara. Bhí sé dílis ina chairdeas agus flaithiúil ina chur in iúl.

Cé go n-aireoidh go leor daoine, ar thug s inspioráid dóibh agus ar thaitin a shaothar leo, uathu é, is iad a chlann mac Oisín agus Fionán agus an chuid eile den chlann i mó a aireoidh uathu é, agus cuirim comhbhrón ó chroí uaim féin agus ó Shaidhbhín in iúl dóibh.

Síocháin shíoraí dó. Leis na haingil go luí sé.