Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ar bhás Rory Kiely

Dáta: Céa 13th Mei, 2018 | 13:08


Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Rory Kiely, iarcomhalta oirirc Sheanad Éireann.

Thug Rory seirbhís don saol poiblí go hiomráiteach thar tríocha bliain, cúig cinn díobh sin mar Chathaoirleach ar Sheanad Éireann.

Bhí an-tóir ag muintir Luimní air agus cuimhneofar go deo air as na caoga bliain, nach mór, a chaith sé ag obair ar son Bhord Contae CLG Luimní, é mar Uachtarán ar feadh tréimhse chomh maith.

Tá cuimhní taitneamhacha agam, agus ag mo chomhghleacaithe, ar na cruinnithe a bhí againn leis ar feadh na mblianta i dTeach Laighean.

Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá bhean Eileen, dá chlann agus dá mhuintir, dá iar-chomhghleacaithe i bhFianna Fáil agus dá chiorcal leathan cairde i Luimneach, agus go deimhin, ar fud na hÉireann.