Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Séamus Ó Cinnéide

Dáta: Céa 13th Sam, 2019 | 16:23

“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh an tOllamh Séamus Ó Cinnéide.

Ba chomhghleacaithe mé féin agus Séamus ar an ollscoil, agus lena bhás tá crann taca agus bunaitheoir an léinn shóisialta fheidhmigh caillte againn.   

Ní hamháin mar mhúinteoir, ach mar thaighdeoir luath luachmhar, chuaigh Séamus i ngleic le ceisteanna an neamhionnanais agus chearta an dreama imeallaithe inár sochaí ar tugadh neamhaird orthu.

Cuireadh tús leis an “gcogadh in aghaidh na bochtaineachta” lena chuid oibre sna 1970idí,  leis an leabhar ‘A Law For The Poor’ , le Comhdháil Chill Chainnigh, agus lena chuid oibre feachtasaíochta, ina raibh go leor comhghuaillithe leis, an tSiúir Stanislaus Kennedy ina measc.

Ba thacadóir leis an nGaeilge a bhí ann agus labhair sé le paisean ar na hábhair atá luaite le raon leathan pobal ar fud na hÉireann.

Thug sé a sheirbhís phoiblí do roinnt institiúidí tábhachtacha ar shlí chiúin agus eolach.

Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá chlann, dá chairde agus dá chomhghleacaithe.

Síocháin shioraí dá anam lách, uasal.”