Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn faoi bhás Paddy Sheehan

Dáta: Lua 10th Lún, 2020 | 23:25

Beidh an-bhrón ar dhaoine, idir thoghthóirí Iarthar Chorcaí a ndearna sé freastal den scoth orthu agus iad siúd a rinne seirbhís leis i nDáil Éireann, mé féin ina measc, nuair a chloisfear gur bhásaigh an t-iarTheachta Dála Paddy Sheehan.

Ba pharlaiminteoir ar leith a bhí ann, agus é go hiomlán doicheallach roimh aon mholadh leamh ag teacht as aon phreasoifig. Labhair sé le greann go deisbhéalach, le hionracas agus go deimhin le héirim chinn maidir le fadhbanna agus lena raibh i ndán d’Iarthar Chorcaí.

Taobh amuigh de ghníomhaithe a pháirtí, ba í a bhean Frances, a d’imigh ar shlí na fírinne seachtain sular cailleadh é féin, a chomhghuaillí ina shaol.

Cuimhneofar orthu beirt mar dhaoine gnaíúla, flaithiúla, ar thaitin comhluadar leo agus a raibh fáilte rompu in aon chomhluadar.

Déanaim comhbhrón ó chroí lena chlann.