Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás do Larry Gogan

Dáta: Mái 7th Ean, 2020 | 09:44

“Beidh brón ar dhaoine ar fud na hÉireann ar chloisteáil dóibh gur bhásaigh Larry Gogan, craoltóir mór le rá agus DJ a raibh an-ghean air.
 
Ar feadh trí scór bliain, a bheag nó a mhór, bhí tionchar dodhearmadta nach beag ag Larry Gogan ar cheol na hÉireann, agus chuir sé chun cinn ceoltóirí Éireannacha a bhí ag teacht chun cinn agus iad siúd a bhí cruthaithe; chomh maith leis sin roinn sé a dhíograis agus a phaisean tógálach don phopcheol agus don rac-cheol de gach cineál. 
 
Bronnadh bua an ghutha lách air, ceann de na guthanna ba láiche i gcraoltóireacht na hÉireann agus ní hamháin gur shainigh sé clúdach ceoil RTÉ ach chruthaigh sé múnla don iliomad glún DJanna.  
 
Fanfaidh an ‘Just A Minute Quiz’ a bhíodh á chur i láthair aige i gcuimhne mhuintir na hÉireann i ngach áit. 
 
Ba mhór an phribhléid é deiseanna a bheith agam bualadh leis agus ár ngrá roinnte don cheol a phlé.  
 
Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá chlann, dá chairde agus dá chomhghleacaithe.”