Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás John Lynch

Dáta: hAo 10th Aib, 2020 | 14:18

“B’ábhar bróin dom an scéala a chloisteáil gur bhásaigh John Lynch, iar-Chathaoirleach CIÉ agus iar-Stiúrthóir Ginearálta FÁS.

Bhí ionchur as cuimse ag John Lynch sna seirbhísí poiblí in Éirinn le tríocha bliain anuas agus os a chionn, go háirithe le linn tréimhsí mórathraithe in earnálacha an fhuinnimh agus an iompair.  

Le linn na 1990idí, ba ríthábhachtach a thuiscint agus a cheannaireacht in FÁS,  gníomhaireacht oiliúna agus bhreisoideachais an Stáit, ag tréimhse nuair a bhí an leibhéal dífhostaithe ar an dúshlán eacnamaíochta ba mhó sa tír seo.

Tá a raon seirbhíse poiblí dosháraithe sa saol comhaimseartha. Beidh a ról claochlaithe i dtreorú Bhord Gáis Éireann, FÁS, CIÉ agus a thrí chomhlacht feidhmithe, le linn céimeanna an-tábhachtach dá bhforbairt san áireamh ina oidhreacht, agus bhí sin á dhéanamh aige ag amanna a raibh brú mór ar an airgeadas poiblí.

Cuirimse agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá pháirtí Kathy, dá mhuintir agus dá chiorcal leathan cairde.”