Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ar bhás Ivan Cooper

Dáta: Céa 26th Mei, 2019 | 13:48

“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil faoi bhás Ivan Cooper, iar-Theachta Parlaiminte, gníomhaí ar son cearta sibhialta, tacadóir ceartais agus ball bunaithe an SDLP.

Mar dhuine de heagraithe an chéad tionscnaimh de chuid ghluaiseacht na gceart sibhialta agus de chuid mhaith eile díobh ina dhiaidh sin i dTuaisceart Éireann a bhí ag gníomhú in aghaidh na mbuncheart, amhail tithíocht, sláinte agus oideachas a bheith á séanadh ar an iliomad daoine, fuair Ivan Cooper a inspioráid ó ghníomhaíocht saoránach sna Stáit Aontaithe agus b’ inspioráid a bhí ann féin dóibh siúd go léir a sheas in aghaidh na héagothroime agus na héagóra.  

Agus creideamh gan staonadh aige in uilíocht agus i ndoroinnteacht chearta an duine, ba léas dóchais agus eiseamláir de chumhacht na ngníomhartha neamhfhoréigneach ar thóir na córa a bhí in Ivan Cooper.  

Tugadh aitheantas dá chuid oibre mar fheachtasóir sna 1960idí nuair a ghnóthaigh sé an líon vótaí ba mhó riamh ag aon teachta náisiúnach i bParlaimint Thuaisceart Éireann agus go dtí an lá atá inniu ann tá gníomhaithe agus polaiteoirí araon á spreagadh ag a oidhreacht, a mhisneach pearsanta, a cheannaireacht agus a thiomantas do chúis na córa.  

Mar Uachtarán na hÉireann ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl do Francis, bean chéile Ivan, dá iníonacha Sinéad agus Bronagh agus dá chiorcal leathan clainne agus cairde.”