Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás an Dr. Tom McGinley

Dáta: Sat 30th Ean, 2021 | 13:53

Is le brón a chualathas faoi bhás an Dr. Tom McGinley. Is duine éachtach agus daonnúlach iontach atá imithe ar shlí na fírinne, a d’fhág oidhreacht eiseamláireach sa leigheas agus sa chúram, gan teorainn nó eisiamh, ina dhiaidh.

Teist ar fhairsinge agus flaithiúlacht fhís an Dr. McGinley is é ionchur na gceangal éagsúil san oidhreacht seo, anuas ar an meas agus cion a bheith le brath nuair a luafar a ainm.

Is sampla é The Foyle Hospice (Ospís Foyle) a raibh sé ina bhunaitheoir air, den mhéid ar féidir a bhaint amach sa chúram leighis. Bhí an gaisce seo, bunú na hOspíse, mar chuid de obair an dochtúra dhíograisigh, a raibh sé tiomanta dá chomhphobal.

Is scéal agus cultúr na himirce atá le cloisteáil ó bhreith an Dr. Tom McGinley sna Stáit Aontaithe agus a fhilleadh ansin go Dún na nGall. Is eiseamláir é a shaol den mheas ar theanga, gach teanga. Rinne sé cleachtadh ar an meas seo le críonnacht inmholta, le cineáltas agus breithiúnas.

Ba mhaith liom féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí a dhéanamh lena pháistí Ciarán, Aisling, Ronán, Sinéad agus lena mhuintir, lena chairde agus leo siúd a ndeachaigh sé go mór i bhfeidhm orthu le grástúlacht thar na blianta.

Síocháin shíoraí dá anam lách uasal.”