Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Statement on the death of Derek Mahon

Dáta: hAo 2nd Dei, 2020 | 14:12

Beidh brón an-mhór ar a chomhghleacaithe in Aosdána nuair a chloisfidh siad faoi bhás Derek Mahon, ach chomh maith leis sin is cúis mhór bhróin a bheidh ann dóibh siúd sa phobal i gcoitinne a thuigeann cad atá i gceist le bás file iomráitigh agus bailiúchán saothair mar a bhí ag Mahon aige nó aici. 
 
Níl sé i bhfad ó shin ó bhí dán dá chuid ‘A Disused Shed in County Wexford’ san iomaíocht mar an dán a raibh an tóir is mó in Éirinn air. Léirigh saothar Derek Mahon file a bhí ábalta leas a bhaint go héasca as na clasaicí, ach chuir sé greann agus úire leo a bhí géarchúiseach agus gríosaitheach ag an am céanna.
 
Ach an oiread lena phiaraí ó thuaidh roinn sé leo a chumas an t-ábhar clasaiceach agus an t-ábhar nua-aimseartha a cheangal, ach ag an am céanna thug sé leis faobhar a raibh mioscais gan trócaire ag baint leis. 
 
Is dóigh liom gurbh é an bua ba mhó a bhí aige an dúchas fileata chun dianscrúdú leanúnach a dhéanamh ar an daonnacht a bhaineann linn; é sin a bhí bréagnaitheach agus féideartha ag an am céanna. Amanna chuirtí clabhsúr ar shaothar filíochta dá leithéid le ráiteas a bhí cosúil le forógra, amhail na línte seo óna dhán ‘Calypso’:
 

“Homer was right though about the important thing,
The redemptive power of women”

 
Aireoidh mé uaim na teachtaireachtaí gearra rúndiamhra sin a sheol sé chugam ó Chionn tSáile. Is cosúil le leagan crann darach caillteanas Derek Mahon, ealaíontóir eile atá imithe uainn le gairid ar shlí na fírinne. Tá dóchas fanta linn ó thoradh an dearcáin ina léirítear an scríbhneoireacht agus a spreagadh mar oidhreacht. 
 
Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá pháirtí, dá chlann agus dá chairde go léir.