Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Coirnéal Billy Ringrose

Dáta: hAo 1st Bea, 2020 | 10:07

“Beidh an-bhrón orthu siúd go léir a dtaitníonn seóléimneach leo agus a thugann tacaíocht di in Éirinn ar chloisteáil dóibh gur bhásaigh an Coirnéal Billy Ringrose.

Rinneadh sé ionadaíocht d’Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha dhá uair agus tar éis dó an Grand Prix  sa tseoléimneach idirnáisiúnta a bhuachan sé huaire, chomh maith le seacht n-imeacht de Chorn na Náisiún a bhuachan, aithníodh é mar fhear spóirt agus ceannaire den scoth.

Cuimhneofar go deo ar ar bhain sé amach i gCorn an Aga Khan, mar ar bhuaigh sé an comórtas dhá uair mar mharcach agus trí huaire mar ‘chef d’équipe’ ar fhoireann na hÉireann.

Déanaimse agus Saidhbhín comhbhrón ó chroí lena chlann, lena chairde agus lena lucht tacaíochta.”