Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Norah Gibbons

Dáta: Déa 9th Aib, 2020 | 12:44

Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Norah Gibbons, tacadóir chearta na bpáistí agus Cathaoirleach bunaidh na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach, TUSLA.

Trína cuid oibre mar stiúrthóir abhcóideachta Barnardo’s, ina Cathaoirleach ar Choiste Fiosrúcháin Mí-Úsáide Leanaí Ros Comáin, ina Comhchathaoirleach ar an nGrúpa Athbhreithne Neamhspleách ar Bháis Leanaí, agus ina ball de Choimisiún Iniúchta Mí-Úsáide Leanaí, ba phearsa spreagúil agus glór cumhachtach a bhí i Norah Gibbons, a throid ar son chur chun cinn cearta páistí in Éirinn.

Bhí sí tiomanta don cheart agus don chomhbhá shóisialta agus tá oidhreacht mhór fágtha aici, ní hamháin mar a bhaineann sé le páistí na hEireann ach leo siúd go léir ar mór leo luachanna an chomhionannais atá ina bhonn ag ár bpoblacht agus ár ndaonlathas.

Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá clann, dá cairde agus dá hiar-chomhghleacaithe.