Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Noel Whelan

Dáta: Déa 11th Iúi, 2019 | 10:13

“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Noel Whelan, abhcóide, tráchtaire polaitíochta aitheanta, údar agus gníomhaí.

Bhí luachanna na córa sóisialta mar spreagadh aige agus bhí Noel ní hamháin ina thráchtaire ach ina cheann feadhna i gcuid de na feachtais pholaitíochta ba thábhachtaí le tamall anuas.

Níor dhearmad sé riamh ar a fhréamhacha i Loch Garman agus bhí sé bródúil astu, agus is é a bhunaigh Scoil Samhraidh Uí Chinnéide a raibh rath uirthi agus a dhéanann ionchur buan sa tuiscint choiteann atá againn ar stair agus ar chaidreamh Éireann-Mheiriceá.  

Bhí an-áthas orm glacadh lena chuireadh labhairt sa scoil an fómhar seo caite agus bhraith mé an suáilceas agus an fhéile a léirigh sé do na cainteoirí agus don lucht éisteachta araon, agus an éascaíocht lenar chumaisc sé cúrsaí staire na hÉireann, Mheiriceá agus Loch Garman. Rinne sé é sin trí chomóradh a dhéanamh ar eachtraí suntasacha i stair na dtíortha ar bhealach an-tuisceanach.

Mar Uachtarán na hÉireann ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá bhean chéile Sinéad, dá mhac Séamus, dá chlann agus dá chairde agus dóibh siúd go léir a aireoidh uathu go mór é féin agus a ionchur sa saol poiblí.”